Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Niall Tóibín

Dáta: Céa 13th Sam, 2019 | 13:15

Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Niall Tóibín.

Bhí ionchur ar leith aige in amharclannaíocht na hÉireann, i nGaeilge agus i mBéarla araon. Bhain sé ciall dhomhain as raon leathan carachtar agus léirigh sé tuiscint intleachtúil an-domhain orthu agus thar aon ní eile tuiscint ar na miondifríochtaí i saol na hÉireann.

Bhí raon an-leathan ina chuid saothair agus ina measc bhí taibhithe do-dhearmadta in amharclanna uile na hÉireann agus i gcuid de na hamharclanna is mó le rá i Londain agus i Nua Eabhrac.

Cé go raibh lucht éisteachta aige a raibh an-chion acu ar a ardéirim ghrinn, shaothraigh sé na seánraí éagsúla chomh maith – an stáitse, an teilifís, an scannán agus an raidió. Maidir leis an gceann deiridh díobh sin, léirigh sé guth suaithinseach, rud ba chúis leis an gcion a bhí air mar léirmhínitheoir shaol na hÉireann agus na dúshláin a bhain leis.

Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá chlann Sighle, Aisling, Fiana, Seán agus Muireann agus don chuid eile dá mhuintir agus dóibh siúd go léir ar thaitin a chuid oibre an oiread sin leo.