Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas faoi bhás Mike Cooley

Dáta: hAo 4th Meá, 2020 | 22:46

I ráiteas a rinne an tUachtarán Ó hUigínn dúirt sé gur údar bróin mhóir a bhí ann a chloisteáil faoi bhás duine d’eolaithe móra na hÉireann, an Dr. Mike Cooley.

Dúirt an tUachtarán Ó hUigínn, a scríobh réamhfhocal shaothar an Ollaimh Cooley, ‘Delinquent Genius: The Strange Affair of Man and His Technology’:

“Bhí Mike Cooley tiomanta d’úsáid na heolaíochta agus na teicneolaíochta ar mhaithe leis an uile dhuine ina leabhair, lena n-áirítear ‘Saoirseacht nó Sclábhaíocht’, agus in shaol ina iomláine.

Bhí sé díocasach ina thuairimí faoi thábhacht na hoibre mar ghníomhaíocht an duine, agus ina shaol saibhir bhí sé ina ionadaí ceardchumainn, agus rinne sé ceannródaíocht ar iniúchadh scileanna mar fhreagra ar dhúnadh monarchana. Bhí mé sásta go raibh mé ábalta comhairle agus seirbhísí a fháil uaidh nuair a dúnadh Digital Equipment Cooperation sna 1990idí.

Ba iad an drámadóir Tom Murphy, nach maireann, agus an ceardchumannaí Mick Brennan an bheirt chairde ba mhó a bhí aige i dTuaim.

Ba bheart suntasach a bhí ann nuair a bhronn sé a leabharlann ar Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge, agus an bhliain seo chugainn tógfar ionad barr feabhais don eolaíocht a bheidh bunaithe ar a shaothar.

Bhí sé tiomanta go domhain ina shaol do thábhacht an duine i ngach cineál oibre, agus do ról  tábhachtach ghluaiseacht an cheardchumainn i gcur chun cinn na haidhme sin.

Aireoimid go léir, arbh chairde pearsanta sinn, go mór uainn é, ach beimid bródúil as a bhfuil bainte amach aige.”