Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás do Marian Finucane

Dáta: Déa 2nd Ean, 2020 | 19:01

“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh an craoltóir  Marian Finucane.

Lena bás tá craoltóir a raibh mórmheas agus cion uirthi, agus iontaoibh inti, caillte ag Éirinn.

Tar éis di a gairmréim a thosú le RTÉ in 1974, bhain Marian Finucane amach páirt lárnach i saol na craoltóireachta in Éirinn, agus phléigh sí na himeachtaí, na pearsana, na hathruithe agus cora casta an tsaoil sa tír.

Duine gairmiúil den scoth a bhí inti agus cuimhneoidh go leor daoine ar an eagna agus ar an gcairéis lenar phléigh Marian Finucane leis an gcur agus leis an gcúiteamh agus leis na caismirtí idir ghlórtha éagsúla ar cheisteanna conspóideacha an lae.

Bhí sí ar dhuine de na heiseamláirí ba luaithe do na daoine siúd a raibh ionadaíocht cheart  do na mná  sa chraoltóireacht uathu.

Beidh go leor, i ngach cuid de shaol na hÉireann, a aireoidh guth Marian uathu, agus ar ndóigh is iad a clann agus a cairde is mó a aireoidh uathu í.

Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá fear céile John, dá mac Jack agus dá muintir agus do chiorcal a cairde agus a comhghleacaithe.”