An chéad Ombudsman Eorpach eile
Dáta: Lua 1st Iúi, 2013 | 14:56
“Tréaslaím óm chroí le Ms. Emily O’Reilly ar í a bheith ceaptha mar an gcéad Ombudsman Eorpach eile. Ós rud é gurbh iad comhaltaí Pharlaimint na hEorpa, arb ionadaithe iad ar shaoránaigh ó gach ballstát den Aontas Eorpach, a thogh Ms. O’Reilly, léirítear dúinn an t-ardmheas atá uirthi ar fud na hEorpa.
Mar Uachtarán na hÉireann, gabhaim buíochas le Ms. O’Reilly as ucht a cuid seirbhíse tiomanta le deich mbliana anuas mar Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise na hÉireann, agus guím gach rath uirthi féin agus ar a teaghlach agus í ag ullmhú dá post nua a ghlacadh ar láimh san Fhómhar.”