Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar ócáid an Fhóraim Dhomhanda maidir le Dídeanaithe

Dáta: Lua 16th Nol, 2019 | 22:00

 “Ba mhaith liom an UNHCR a mholadh as an gcéad Fhóram Domhanda seo maidir le Dídeanaithe a ghairm. Tá aiféala orm nach féidir liom a bheith libh de bharr cúinsí áirithe ach beidh mé ag cuimhneamh oraibh.

Inár stair, tá pian an ghorta, an chruatain agus an díláithrithe fulaingthe ag Éirinn. Tá dáimh mhór ag sochaí na hÉireann fós leis an gcuimhne ar an ngorta agus orthu siúd arbh éigean dóibh teitheadh as Éirinn. Tá an imirce, go háirithe an cineál neamhdheonach, fréamhaithe i gcuimhne na ndaoine.

Inniu, tá Éire ag iarraidh a bheith ina tír ina bhfuil tearmann agus fáilte. Ba chúis áthais dom fáilte a chur roimh an Ard-Choimisinéir le haghaidh Dídeanaithe, Filippo Grandi, chuig Áras an Uachtaráin i mí Iúil agus cruinniú a eagrú le ceithre theaghlach dídeanaithe tar éis dóibh taisteal go hÉirinn ag tráthanna éagsúla thar na scórtha bliain. Bhí a scéal féin le hinsint ag gach aon cheann de na teaghlaigh sin agus bhí gach aon cheann díobh tar éis dúshláin shuntasacha a shárú. Bhí tréith amháin i gcoiteann acu agus ba é sin go raibh misneach acu agus go raibh siad tiomanta do shaol níos fearr a chruthú dá gclanna. Cabhraíonn a ndianiarracht, a smaointe agus a dtaithí le saibhriú shochaí na hÉireann.

Tá sé tábhachtach a aithint gur feiniméan chomh sean le beatha an duine ar ár bpláinéad atá san imirce. Bíonn na hiarmhairtí is diúltaí ag an imirce, ó thaobh an duine de, nuair a bhíonn sé neamhdheonach.

Ar an leibhéal domhanda, tá scála an díláithrithe níos airde ná bhí riamh agus iallach ar níos mó ná 70 milliún duine teitheadh óna dtithe. In 2018 tháinig an pobal idirnáisiúnta le chéile chun tacú leis an gComhshocrú Domhanda maidir le Dídeanaithe. Léirigh sé tiomantas don dlúthpháirtíocht le tíortha a chuireann fáilte roimh dhídeanaithe, leo siúd atá ag iarraidh tacaíocht a thabhairt dóibh agus léirigh sé go háirithe tacaíocht do na dídeanaithe féin.

Is léiriú nithiúil atá ann ar na comhiarrachtaí atá á ndéanamh chun gealltanas an Chomhshocraithe Dhomhanda a chur i bhfeidhm go praiticiúil.

Tá iallach orainn dul i mbun gnímh, go práinneach agus le díocas, de bharr scála ghéarchéim an díláithrithe faoi láthair. Ní mór dúinn ár gcomhbhá a thaispeáint dóibh siúd atá i mbun imirce faoi chúinsí millteanacha, go minic i mbaol a mbáis, agus ní mór dúinn cur in aghaidh na hachainí gur cheart faitíos a bheith roimh an “Duine Eile”, agus ina áit sin ár dtíortha a oscailt do dhídeanaithe.

Ró-mhinic, tá neamhshuim léirithe ag tíortha i leith na ndaoine sin is mó atá ar an ngannchuid, an lá is fearr iad. Tá bladhmann naimhdeach contúirteach polaitiúil dírithe ar phobail dídeanaithe cloiste againn in an iomarca áiteanna eile. Tá sé de dhualgas orainn, ag éirí as ár ndaonnacht choiteann, cuidiú leo siúd a bhfuil an riachtanas is mó acu agus áit fháilteach a chur ar fáil dóibh siúd is leochailí.

Is ceart dúinn tacú chomh maith  – ó thaobh airgid agus polaitíochta de – leis na daoine aonair misniúla atá ag obair ar ár son i gcuid de na háiteanna is dúshlánaí ar fud an domhain chun cuidiú leo siúd a bhfuil na riachtanais is mó acu. Ba mhaith liom obair UNHCR, córas leathan na NA agus iad sin atá ag obair do ENRanna a mholadh; tugann siad dóchas agus cúnamh dóibh siúd is mó a bhfuil siad de dhíth orthu. 

Creidim nach mór dúinn iarrachtaí i bhfad níos mó a dhéanamh chun tuiscint a bhaint as foinsí struchtúracha na himirce agus iad a bhainistiú; cúinsí na neamhbhuaine agus cad a theastaíonn le cuidiú le teacht roimh na dúshláin a bhaineann le dul isteach i gcultúir, i sochaithe agus i ngeilleagair nua, i láithreacha ceann scríbe. Beidh orainn an ceangal doscaoilte idir fadhbanna amhail Forbairt, Athrú Aeráide, Bochtaineacht Dhomhanda, Riachtanais an Duine agus an Imirce a fheiceáil. Níl aon dabht ach gurb é an seans is fearr atá againn, ó thaobh freagairt de, freagairt a chomhtháthaítear trasna na réimsí sin.

Ní mór dúinn iarracht níos fearr a dhéanamh le dul i ngleic le bunchúiseanna an díláithrithe, go háirithe an choimhlint. Is é an choimhlint an rud singil is mó taobh thiar den riachtanas daonnúil chomh maith lena bheith ag baint an bhoinn ó ghealltanas na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Caithfimid a bheith níos fearr nuair a bhímid ag tuar na coimhlinte agus ag dul i ngleic lena foinsí. Ní mór dúinn go léir sa phobal idirnáisiúnta teacht le chéile chun cómhaireachtáil shíochánta a lorg i ngeilleagair inbhuanaithe a ghlacann le meas ar an éagsúlacht chultúrtha agus a cheadaíonn gníomhaíocht áitiúil.

Tharla go bhfuil sé admhaithe againn gur dúshlán roinnte agus freagracht roinnte maidir le nádúr domhanda na himirce atá i gceist, nach bhfuil sé in am é a chur taobh leis an Athrú Aeráide agus leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe mar dhúshlán, é tearcmhaoinithe faoi láthair ach ar féidir le Ciste Imirce Domhanda tionscanta ag na NA é a mhaoiniú?

Nach bhfuil sé indéanta dul i ngleic leis agus le tearcmhaoiniú na gconarthaí aeráide agus inbhuanaitheachta le tionscnaimh ar féidir leo dul i ngleic chomh maith leis an gcaipiteal a bhfuil infheistíocht de dhíth air? Tá an oiread sin cistí ann, bíodh siad ina gcistí flaitheasacha nó pinsin, nó ina gcistí príobháideacha, atá ag iarraidh brabúis nach bhfuil ar fáil dóibh faoi láthair mar gheall ar ghéarchéim an chaipitil mhairbh nach bhfuil á infheistiú, agus go deimhin a d’fhéadfadh a bheith gafa go contúirteach le méadú luach scaireanna ar shlí amhantrach agus nach bhfuil aon urrús comhthaobhach acu ar deireadh. Tá an cúinse céanna ag baint leis an gcreidmheas. Ba cheart na foinsí creidmheasa  agus caipitil sin go léir nach bhfuil á n-úsáid faoi láthair a chur ar fáil chun Geilleagar Glas, aistriú cóir agus forbairt inbhuanaithe a chruthú agus fadhbanna na himirce a réiteach ar bhealach atá freagrach, soiléir, éifeachtúil agus de réir Chairt na NA. Tá ciall le freagairt ar ghéarchéimeanna idirghníomhacha a chomhtháthú. D’fhíoraigh na NA cúinse mar sin nuair a d’fhreagair siad sna 1940idí.

Maidir le sreabhadh imirce is féidir é a thuar. Nach bhfuil ciall ag baint le tarraingt ar na fíricí eimpíreacha atá ar fáil dúinn?

Mar shampla, go minic is é an suíomh imirce an teorainn is gaire. Nuair a chuirtear agallaimh orthu sna chéad bhlianta, deir imircigh gurb é an phríomhfhís atá acu a bheith ábalta filleadh ar a n-áit dúchais. Nach féidir na foinsí san áit bhunúsach a thuar i gcúinsí áirithe? Nach féidir cuidiú leo siúd nach bhfuil fonn orthu filleadh maidir lena bhfuil ag teastáil ag an gceann scríbe? Is féidir cuidiú le suíomhanna an chinn scríbe. Is féidir an rud a bhraitear a bheith ina bhagairt a thiontú ina ghluaiseacht eagraithe do chomhdhaoine daonna isteach i ngeilleagair agus i sochaithe.

Is féidir an imirce a bhainistiú, ní hamháin i dtéarmaí sláinte, tithíochta, oideachais agus oiliúna, ach is féidir na riachtanais ag an áit imeachta, an suíomh aistrithe agus an ceann scríbe a thuar.

Tharla go n-íocann imircigh, a imeasctar sa lucht oibre taobh istigh de thrí bliana, níos mó cánach ná an costas imeasctha sna blianta roimhe sin, is féidir le ciste domhanda a bheith féinmhaoinitheach.

Ba é an rud ab fhearr, dar ndóigh, ciste comhtháite a phléifeadh leis an athrú aeráide, an inbhuanaitheacht agus an imirce.  

Ní mór dúinn gníomhú go práinneach le hoibriú in aghaidh na dtosca a bhfuil an díláithriú nua ardaithe seo á spreagadh acu. Chomh maith leis na tosca eile tá tionchar an athraithe aeráide atá ag géarú ar an mbagairt shingil is mó ar an gcine daonna, agus b’fhéidir nach bhfuil sa sruth mór pobal díláithrithe atá romhainn inniu ach tuar tubaistí atá le teacht san 21ú haois mura dtugaimid aird ar an bhfoláireamh agus gníomhú anois.

Is é mo thuairimse go dteastaíonn comhfhreagairt dhomhanda ar na dúshláin sin atá romhainn, le tionscnaimh nua a tharraingeoidh ar chaipiteal agus ar chreidmheas agus iad ag lorg brabúis a mbeidh an buntáiste leo go mbeidh siad inbhuanaithe ó thaobh na heacnamaíochta agus na daonchabhrach de dá mbarr. Is féidir gur sprioc ríthábhachtach i gcruthú tionscnamh nua a bheidh san Fhóram Domhanda seo. Is tráth atá ann, deis nár cheart a chailleadh nuair a thagann pobal an domhain le chéile agus a thairgeann a thacaíocht dóibh siúd is mó atá ar an ngannchuid. Guím gach rath oraibh in bhur gcuid iarrachtaí”