Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar Shíniú Chairt na Náisiún Aontaithe cothrom an lae 75 bliain ó shin

Dáta: hAo 26th Mei, 2020 | 00:01

Inniu, agus ceiliúradh á dhéanamh againn ar an 75 bliain atá caite ó glacadh d'aon ghuth le Cairt na Náisiún Aontaithe, a bhfuil sé mar phríomhaidhm aici "na glúnta atá le teacht a shábháil ó chéas an chogaidh", is ceart agus is cuí ár dtiomantas agus ár dtacaíocht do na Náisiúin Aontaithe, a gCairt agus a n-institiúidí a athnuachan.

Thaispeáin glacadh le Cairt na NA in 1945 léas dóchais, léiriú ar an ngá agus an luach a bhaineann le dlúthpháirtíocht dhomhanda i gcosaint luachanna roinnte. Tá na Náisiúin Aontaithe tar éis feidhmiú mar ár bpríomhshlí chun an dlí idirnáisiúnta a chosaint agus tá ár ndomhan níos sábháilte, níos síochánta agus níos cuimsithí dá bharr sin.

Inniu, cothrom an lae a glacadh le Cairt na Náisiún Aontaithe 75 bliain ó shin, tugtar an deis dúinn machnamh a dhéanamh ar gach a bhfuil bainte amach ag na Náisiúin Aontaithe.

Níor cheart go mbeadh drogall orainn labhairt ar an tslí atá na Náisiúin Aontaithe, mar institiúid dhomhanda an iltaobhachais, tar éis dul chun cinn i measc daoine ar fud an domhain a chur chun cinn: cláir thógála chun an bhochtaineacht a mhaolú, cúram sláinte níos fearr, teacht ar an oideachas agus cumasú na mban.   

Is é an t-iltaobhachas a chumhdaíonn siad, chomh maith, a cheadaigh dúinn slite a fhorbairt chun an choinbhleacht a réiteach, an tsíocháin a thógáil agus an tsíocháin a choimeád. Is léiriú ar na céimeanna suntasacha is féidir linn a ghlacadh ar son an chine dhaonna nuair a bhíonn an pobal idirnáisiúnta ag obair as lámha a chéile atá sa dul chun cinn i bhforbairt agus i ndeimhniú an dlí idirnáisiúnta.

Tá neart na Náisiún Aontaithe sna gealltanais chomhchoiteanna a chothaíonn siad. Tairgeann ar baineadh amach le gairid, amhail na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a d'eascair as Clár 2030 agus Comhaontú Pháras mar fhreagra ar an Athrú Aeráide, treoirphlean chun todhchaí níos inbhuanaithe a bhaint amach do chách; tá siad ag dul i ngleic le cuid de na dúshláin chomhaimseartha is práinní atá romhainn, iad sin a bhfuil baint acu leis an mbochtaineacht, le hathrú aeráide, le díghrádú an chomhshaoil, leis an rathúnas, an tsíocháin agus an ceartas. Ní fhéadfadh aon eagras idirnáisiúnta eile cor dlúthpháirtíochta agus freagrachta domhanda dá leithéid a bhaint amach.

Tá na Náisiúin Aontaithe tar éis a bheith chun tosaigh sa troid in aghaidh COVID-19, sna tíortha is boichte ar domhan, ina measc na tíortha sin atá sáite cheana i ngéarchéimeanna daonnúla de bharr coinbhleachtaí, tubaistí nádúrtha agus athrú aeráide.

Tá beartas eachtrach na hÉireann fréamhaithe sna Náisiúin Aontaithe, agus tá ard-mheas ag muintir na hÉireann ar a gCairt, a n-institiúidí agus a bpearsanra.

Féachaimid ar na Náisiúin Aontaithe mar an institiúid mhór sin a bhfuair náisiúin nua-neamhspleácha tearmann inti tar éis a dtroideanna ar son an neamhspleáchais agus iad ag éirí amach ó oidhreacht dhorcha an choilínithe.  Feicimid na Náisiúin Aontaithe mar fhóram atá curtha ar fáil chun guth a thabhairt dóibh siúd gan ghuth, dóibh siúd atá imeallaithe agus dóibh siúd a bhfuil cumhacht, saibhreas agus stádas in easnamh orthu. Maidir leis an iliomad daoine, is é an t-aon fhóram atá ar fáil acu, rud a chuireann lena thábhacht.

Is iad na Náisiúin Aontaithe an tionscadal síochána roinnte is mó ar domhan, ceann atá ar a dhícheall chun forbairt chothrom agus inbhuanaithe a bhaint amach, coinbhleachtaí a réiteach, idir shean agus chomhaimseartha, tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá ag teitheadh ón gcogadh, ón ngéarleanúint, ón ngorta agus ó thubaistí nádúrtha.  Tá na Náisiúin Aontaithe tar éis a bheith ina n-institiúid dóchais do chuid mhaith glúnta agus tá sé fós amhlaidh, institiúid ina mbíonn tábhacht agus údarás le focail agus ina mbíonn féidearthachtaí fuascailte ag baint leo.  Nuair a ghluaiseann focail ón gComhthionól Ginearálta, ní mór aitheantas a thabhairt dóibh agus iad a dheimhniú sa Chomhairle Shlándála agus taobh istigh d'institiúidí na Náisiún Aontaithe.

Táimid anois i dtimpeallacht gheopholaitiúil ina bhfuil an t-ord idirnáisiúnta sin faoi bhrú trom. Tá an iliomad daoine a bhfuil coincheap an oird atá bunaithe ar rialacha á cheistiú acu agus an bonn á bhaint uaidh acu. Is ábhar ceistiúcháin naimhdigh, aistarraingthe tacaíochta, agus ionsaithe ceanndána a bhíonn á ndéanamh ag cuid de na tíortha is cumhachtaí, ar mhaithe le féinchúiseanna neamhfhiúntacha, atá sna hinstitiúidí idirnáisiúnta; cé nach bhfuil siad gar do bheith foirfe agus go dteastaíonn leasú uathu a bheadh bunaithe ar an gCairt, tá siad á gcothú ó 1945 i leith agus tá dul chun cinn déanta ag ár muintireacha dá mbarr.  

Ní mór dúinn go léir, mar sin, leanúint leis an iltaobhachas a chosaint, a neartú agus labhairt ar a shon, go háirithe labhairt ar son na Náisiún Aontaithe go sainiúil mar gurb iad an príomhléiriú institiúideach den iltaobhachas agus an t-ábhar dóchais is mó atá againn, an ionstraim is fearr atá againn i gcomhair comhoibriú domhanda. Ní mór dúinn crainn taca na Náisiún Aontaithe agus na Cairte a neartú - is iad sin an tsíocháin, cearta an duine agus an fhorbairt inbhuanaithe. Ní mór dúinn an gá leis an gComhairle Slándála a leasú a aithint, lena n-áirítear, mar shampla, ionadaíocht easnamhach na hAfraice.

Caithfear an dlí idirnáisiúnta a chosaint agus a dheimhniú. I measc na gcúrsaí ar ábhar buartha iad tá plean Iosrael chun tuilleadh de thailte na Palaistíne ar an mBruach Thiar a ionghabháil - gníomh a mbeidh toradh tubaisteach air i dtaca leis na Palaistínigh. Tá Éire go láidir in aghaidh an bhirt sin agus iarann sí ar Iosrael deireadh a chur leis na pleananna sin ar an bpointe, pleananna a bheadh tubaisteach maidir leis an bpróiseas síochána sa Mheánoirthear.  Níl ansin ach ceann amháin den iliomad dúshlán atá romhainn agus sinn i mbun cothú síochána agus réiteach coinbhleachta.

Is é an tsíocháin inbhuanaithe a thabharfaidh an seans is fearr dúinn sa todhchaí. Cuireann na Náisiúin Aontaithe an spás is fearr ar fáil dúinn chun atosú a dhéanamh, agus an chothromaíocht a cailleadh a athbhunú, amhail í sin idir an éiceolaíocht, an eacnamaíocht, an tsochaí agus an cultúr.

Tugann comóradh 75 bliain na Náisiún Aontaithe an deis dúinn go léir gealltanas agus fís Chairt na Náisiún Aontaithe a ghabháil orainn féin an athuair agus athbhrí a chur i bhfreagracht na Comhairle Slándála freagra iltaobhach a thabhairt do dhúshláin choiteanna, bunaithe ar phrionsabail a nglactar go huilíoch leo.   

Ní mór dúinn go léir céim chun cinn a ghlacadh agus an t-ord domhanda ar chuidigh na NA lena bhunú a shábháil. Agus Éire tofa chun suíocháin ar an gComhairle Slándála le gairid, tá súil aici ról feabhsaithe a ghlacadh i mbaint amach na forbartha inbhuanaithe agus i ndíothú na mbacainní ar an rannpháirtíocht is iomláine faoi choinníollacha síochánta sábháilte, agus sinn ag tarraingt ar ár dtaithí mhór, agus deacair in amanna, i réimse chothú na síochána agus réiteach na coinbhleachta.

Mar Uachtarán na hÉireann, glacaim an deis seo le foireann agus institiúidí na Náisiún Aontaithe a mholadh, agus tiomantas domhain na hÉireann don eagras príomha domhanda a roinnimid agus do na spriocanna a bhí faoina bhunú a athdhearbhú.