Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar Duais Nobel na Síochána 2020

Dáta: hAo 9th Dei, 2020 | 13:06

Tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis comhghairdeas a dhéanamh leis an gClár Domhanda Bia tar éis Duais Nobel na Síochána 2020 a bheith bronnta air.

 "Ar son mhuintir na hÉireann ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le foireann agus le ceannaireacht An Chláir Dhomhanda Bia tar éis don Duais Nobel na Síochána a bheith bronnta orthu. Tréaslaím leo. 

Rinne Coiste Nobel, agus Duais Nobel na Síochána á bhronnadh aige ar an gClár Bia Domhanda, gníomhaireacht bia na Náisiún Aontaithe, aird a tharraingt ar iarrachtaí na heagraíochta dul i ngleic leis an ocras agus ar a bhfuil déanta aige cosc a chur ar úsáid an ocrais mar arm cogaíochta agus coimhlinte.

Is cinneadh an-mhaith atá ann agus cuirfear fáilte roimhe, ní hamháin i measc mhuintir na hÉireann ach i measc na ndaoine sin go léir ar fud an domhain atá ag obair chun deireadh a chur le scannal an ocrais dhomhanda.

Ina ráiteas, mhol Coiste Nobel an Clár Domhanda Bia as “a chumas iontach chun dul i ndéine lena chuid  iarrachtaí” faoi chúinsí Covid-19. Tá sé ráite ag an gClár Domhanda Bia é féin “go dtí an lá go bhfaighfear vacsaín leighis, is é an bia an vacsaín is fearr in aghaidh na círe tuathail”. 

Is é an Clár Domhanda Bia an eagraíocht dhaonnúil is mó ar domhan atá ag tabhairt aghaidhe ar an ocras agus ag cur slándáil bia chun cinn. Sa bhliain 2019, thug an CDB cúnamh do ghar do 100 milliún duine in 88 tír a bhfuil slándáil bia ghéar agus ocras á bhfulaingt acu.

Ar an leibhéal domhanda, tá ceannairí agus baill na Náisiún Aontaithe curtha ar an airdeall maidir leis an bhfíric, mar atá ráite ag Coiste Nobel ina ráiteas inar fhógair siad go raibh Duais Nobel na Síochána le bronnadh ar an gClár Domhanda Bia, “go bhfuil an domhan i mbaol géarchéime ocrais ar scála nach féidir a shamhlú mura bhfaigheann an  eile Clár Domhanda Bia agus eagraíochtaí eile a chabhraíonn le bia a sholáthar an tacaíocht airgeadais atá iarrtha acu.”                                    

Sa bhliain 2015, glacadh le díothú an ocrais mar cheann de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus é ar uimhir a dó den seacht Sprioc Forbartha Inbhuanaithe déag.

Mar sin, cuirim fáilte roimh chinneadh Choiste Nobel an Duais a bhronnadh ar an CDB, agus roimh an aitheantas atá tugtha dá bhfuil bainte amach ag an CDB agus an aird atá tarraingthe aige ar an tábhacht leanúnach atá le straitéisí idirnáisiúnta chun an t-ocras domhanda agus an tearc-chothú a dhíothú.

Bainimis go léir leas as fhógra an lae inniu mar spreagadh chun tairbhe a bhaint as ár ndóchas agus ár bhfuinneamh, agus ár seacht n-iarracht a dhéanamh, i gcomhar lena chéile, chun riachtanas morálta na linne a chomhlíonadh, is é sin an sprioc a bhaint amach agus an t-ocras a dhíothú faoi 2030.”