Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ar Chárta Nollag 2020

Dáta: Mái 15th Nol, 2020 | 10:29

Tá a gcárta beannachta na Nollag bliantúil seolta ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus Saidhbhín Uí Uigínn.

Tá sliocht as ráiteas de chuid an Uachtaráin sa chárta faoin tábhacht leis an dlúthpháirtíocht agus leis an gcomhbhá mar bhunphrionsabail lenár bhfreagairt choiteann ar phaindéim Covid-19:

“Tá na prionsabail atá mar threoir sa ghealltanas athnuaite atá déanta againn dul i ngleic leis an víreas Covid-19 bunaithe ar roinnt bunluachanna a sheasann go cinnte don chuid is fearr dínn féin, amhail an Dlúthpháirtíocht, an Cúram, an Chomhbhá agus an Cineáltas. Chun a bheith éifeachtach ní mór gealltanais dhearfacha uainn go léir agus ní mór dúinn labhairt lena chéile agus sinn féin a mhisniú chun fís a bheith againn den solas a thiocfaidh ónár n-iarrachtaí go léir nuair a dhéanfar iad a athnuachan agus a threisiú.” 

Tá macasamhail den phictiúr  “La Madonna col Bambino” leis an ealaíontóir Iodálach Guido Reni ar thosach an chárta.