Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas faoi na léirsithe i SAM

Dáta: Déa 4th Mei, 2020 | 17:01

“Nuair a chuaigh mé chuig na Stáit Aontaithe den chéad uair, mar mhac léinn iarchéime ag deireadh na 1960idí, bhí atmaisféar an dóchais ann tar éis an chogaidh, de bharr a raibh bainte amach ag Gluaiseacht na gCeart Sibhialta agus de bharr an Chogaidh in aghaidh na Bochtaineachta a bhí tosaithe; dóchas go mbeadh gluaiseacht mharthanach chun cinn ann chun an comhionannas a bhaint amach, chun deireadh a chur le heisiamh ciníoch, agus chun an rannpháirtíocht is cuimsithí a bhaint amach i sochaí Mheiriceá.

Maidir linne a roinn an dóchas sin ag an am, is briseadh mór croí dúinn a fheiceáil a bhfuil ag tarlú, coimhlint mhíleata le léirseoirí síochánta san áireamh, agus chomh maith leis sin creidimid nach mór dúinn go léir, i ngach cás, iarracht a dhéanamh deireadh a chur le haon rian den chiníochas inár sochaí, ár bpobail, sa spórt agus sa chultúr, agus iarracht a dhéanamh deireadh a chur leis an éagothroime a bhíonn ina bunchúis leis go minic.”