Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar scor John O’Shea ón bpeil idirnáisiúnta
Dáta: hAo 1st Mei, 2018 | 14:16
Ag labhairt dó ar an lá roimh an gcluiche dúshláin in aghaidh SAM, thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn moladh d’imreoir idirnáisiúnta Phoblacht na hÉireann, John O’Shea.
“Ionadaí na hÉireann den scoth ab ea John O’Shea, thar an dá bhliain is fiche a chaith sé ag imirt d’Éirinn, 17 díobh sin ag an leibhéal sinsir.
Ón am a bhuaigh sé Craobh na hEorpa de chuid UEFA faoi 16 mbliana d’aois in 1998, agus a chéad chluiche ar an bhfoireann sinsir in 2001, bhí John O’Shea ar dhuine de na himreoirí ba spreagúla agus tiomanta a raibh meas air ar ár bhfoirne náisiúnta.
Is an-bheag an líon daoine a roghnaíodh le hionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn níos mó ná 100 uair, agus tá John i gcomhluadar maith ar liosta na laochra sin agus 117 caipín bainte amach aige.
Ar son lucht leanúna peile na hÉireann, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le John as a bhfuil déanta aige do pheil na hÉireann, agus guím gach rath air ní hamháin i saol na peile ach in pé iarrachtaí a dtabharfaidh sé fúthu amach anseo.
Guím séan agus sonas agus sláinte mhaith air féin agus ar a bhean Yvonne, agus a bpáistí Alfie agus Ruby.”