Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ar Lá Idirnáisiúnta na mBan

Dáta: Mái 8th Már, 2022 | 17:23

Tá Lá Idirnáisiúnta na mBan ar cheann de na laethanta is tábhachtaí do Shaidhbhín, agus dom féin mar Uachtarán na hÉireann. Is lá speisialta é dúinn ar fad le ceiliúradh a dhéanamh ar ghaiscí na mban iontacha a d’fhág rian buan ar ár saol, ach níos tábhachtaí fós, is lá é freisin leis na héagóracha uafásacha a dhéantar ar mhná ar bhonn leanúnach inár sochaí agus thar timpeall an domhain a chur ina gceart, go háirithe na gníomhartha foréigin uafásacha a dhéantar ar mhná. 

Ar Lá Idirnáisiúnta na mBan 2022, tuigim go bhfuil ár smaointí leis na mná cróga sin atá ag éalú lena bpáistí ón bhforéigean uafásach san Úcráin. Seasaimid le mná na hÚcráine, agus impímid arís ar an Rúis lena trúpaí a tharraingt siar, agus an tsíocháin a athbhunú arís. 

Sa bhaile anseo in Éirinn, táimid mar náisiún tagtha tríd dhá bhliain an-dúshlánach agus muid ag troid in aghaidh chonstaic phaindéim an choróinvíris. Do chuid mhór dínn, ba thréimhse  í a d’iarr orainn íobairtí a dhéanamh inár saol, le misneach agus dlúthpháirtíocht a léiriú agus muid ag teacht tríd am nach bhfacthas cheana.

Tá orainn a aithint gur fhulaing roinnt daoine, go háirithe iad siúd ar bheagán acmhainní, agus ina measc go leor ban, níos mó ná eile. 

D’fhógair Women’s Aid gur tháinig fás 43% tagtha ar líon na ndaoine a bhí ag lorg a thacaíochta le linn 2020, i gcomparáid le 2019. Tá a fhios againn freisin gur tháinig méadú suntasach ar líon na n-orduithe cosanta agus urchoisc a bronnadh ar íospartaigh foréigin baile. 

Más ceadmhach dom é a rá, táimid go mór faoi chomaoin ag na heagraíochtaí úd a nochtaíonn an foréigean, agus na daoine sin a chuidíonn le híospartaigh an fhoréigin seo, íospartaigh a lasann lóchrann an mhisnigh do dhaoine eile lena gcrógacht. 

Le blianta beaga anuas, tháinig eachtraí foréigin tragóideacha ba chúis le básanna ban óg aniar aduaidh orainn. Cailleadh mná óga a raibh an-ghealladh fúthu, agus fágadh a ndaoine muinteartha croíbhriste. Lig an tsochaí síos na teaghlaigh atá ag caoineadh a mbásanna nuair a ghlactar leis an iompar a mbíonn mná ina n-íospartaigh aige - ag an leithcheal, an caitheamh anuas, drochíde agus ionsaithe.

Ní féidir a shéanadh go bhfuil orainn athscrúdú a dhéanamh, ar bhonn práinne, ar na gnéithe sin a cheadaíonn dó seo leanúint ar aghaidh agus a chothaíonn an easpa measa, agus an t-eisiamh atá go fóill i réim do mhná inár sochaí. 
Cinnte, tá dul chun cinn déanta, agus tá sé tábhachtach go n-aithnímid na hathruithe dearfacha atá tarlaithe, go minic mar thoradh ar obair dhúchrachtach na mban cróga inár sochaí tríd na glúnta. Go deimhin, beidh imeachtaí éagsúla ar siúl ar fud na tíre inniu leis na gaiscí seo a cheiliúradh, ach tá tuilleadh fós le déanamh againn.

Tá sé thar am dúinn machnamh práinneach a dhéanamh ar na gníomhartha atá ag teastáil le cinntiú go mbaintear an foréigean in aghaidh ban, ar gach bealach, ónár sochaí - anuas ar aon iompar a théann in aghaidh sochaí ionchuimsitheach a mhúnlú. Le fada an lá, nílimid ag tabhairt an t-aitheantas cuí do ghuthanna agus chearta ár saoránach. Thug mé cuairt le déanaí ar mhná an Lucht Taistil. Cén fáth go gcaithfí an Chúirt Uachtarach a bhaint amach lena gcearta bunúsacha a bhunú?

Is tír sinn atá ag déanamh gach iarrachta a bheith ina Poblacht, le geallúint inár mBunreacht go bhfuil ár muintir ar fad ar comhchéim. 

Faraor, is geallúint í seo nár éirigh linn a chomhlíonadh, i dtír nach féidir le mná siúil leo féin in go leor áiteanna gan eagla a bheith orthu roimh ionsaithe nó roimh ghníomhartha agus thráchtanna nach bhfuil uathu, áit ar fhulaing fostóir amháin as gach cúigear ciapadh gnéasach san ionad oibre - an tromlach díobh mná, nach féidir leo gníomhartha laethúla simplí a dhéanamh i dtimpeallacht ina mothaíonn siad míshábháilte agus leochaileach.  

Le scaitheamh, tá níos mó agus níos mó ban tagtha chun tosaigh lena scéalta drochíde, ciaptha, leithcheala agus náirithe a roinnt, ina measc institiúidí Stáit ar chóir a bheith mar eiseamláir dúinn uilig, in ionad suíomh na dtuairiscí drochíde. 

Léimid i bhfad rómhinic faoi dhrochíde fhisiciúil agus shíceolaíoch in aghaidh na mban - iad coimeádta faoi cheilt, náirithe, leanta agus sceimhlithe. Cloisimid faoi na heagraíochta nár éirigh leo dul i ngleic leis an drochíde, lucht ceannais ag déanamh neamhairde ar dhúshaothrú agus dhrochbhail a mball baineann. 

Feicimid an fuath ban fánach, na tráchtanna gáirsiúla, an drochíde ar líne a dhírítear ar mhná ar bhonn rialta atá, de réir roinnt fear, inghlactha, gan dochar agus greannmhar, fiú.

Éistimid lena scéalta agus tuairiscítear go bhfuil iontas, uafás agus fearg orainn, ach an bhfuil? Ní leor an éisteacht amháin, áfach agus tá orainn anois plé agus gníomhú a dhéanamh. Is cleachtas athráiteach anois é an t-iarratas seo le comhrá náisiúnta a thosú, mar shochaí, faoi conas is fearr atmaisféar cóir agus slán dár saoránaigh bhaineanna. Ní féidir leis seo fanacht. Cén fáth a gcaithfidh sé a bheith amhlaidh? B’fhéidir nach bhfuil an struchtúr maorlathach in ann é féin a shaorú ó sheantuairimí dochracha. 
Ní féidir an t-athrú seo a dhéanamh róluath. Fiú sna naíolanna, sa láthair shúgartha agus i ngach spás caidrimh. 

Tá orainn, i ngach réimse den tsochaí Éireannach, pléigh a dhéanamh ar na slite éagsúla a bhfuilimid ag déanamh neamhairde ar, agus níos measa fós ag éascú agus ag cumasú an leithcheala agus na drochíde i gcoinne na mban ina saoil laethúla. 

Tá orainn cultúr a ghlacann leis, agus nach labhraíonn amach ar chineálacha laethúla na drochbhaile i gcoinne na mban a aithint, a bhfuil coinníollacha tromchúiseacha cosúil leis an drochíde, an saothrú agus fiú an bás mar thoradh air. 

Eascraíonn tíortha atá sabháilte do mhná agus do chailíní ó shochaithe agus ó phobail a bhfuil meas acu ar a mbaill bhaineanna. Leis an tsochaí seo a bhaint amach, caithfimid a mhúineadh dár n-ógánaigh conas meas a léiriú do mhná sa chaoi a labhraítear leo agus fúthu. 

Is cinnte gur gá dár suímh oibre a bheith mar spásanna a bhfuil mná saor ó thráchtanna agus ó ghníomhartha mí-oiriúnacha iontu, agus go bhfuil a dtuarastal agus a ndeiseanna forbartha ag feidhmiú mar scáthán ar eagraíochtaí a bhfuil a bhfostaithe baineanna mar bhaill lárnacha a bhfuil ardmheas orthu. 

Tá orainn cinntiú go bhfuil ionadaíocht láidir déanta ar mhná ag gacb leibhéal, go háirithe i róil cheannaireachta a bhfuil cinnteoireacht á déanamh acu san earnáil phoiblí, san earnáil phríobháideach agus i seomraí boird leis an íomhá thraidisiúnta agus na gairmeacha beatha steiréitipiciúla a nasctar leis na mná a bhriseadh síos. 

Cuirimis i gcás obair chléireachais agus gairm chúraim ar mná iad formhór na n-oibrithe; deighilt na n-inscní i roghnú na n-ábhar i réimsí eolaíochta, teicneolaíochta innealtóireachta agus matamaitice  ETIM; na constaicí a leagtar os comhair iliomad ban le fanacht i ngairmeacha a bhfuil siad láncháilithe dóibh agus a bhfuil neart le tabhairt acu dóibh. 

Ní féidir linn ach an oiread neamhaird a dhéanamh ar an stádas níos ísle atá ag an obair chúraim, chomhbhá agus chineáltais - obair a bhíonn ar bun ag mná, agus ag fir, ach ní a oiread chéanna. 

Taobh amuigh den ionad oibre, caithfimid imscrúdú a dhéanamh ar an athrú atá de dhíth i ngach réimse dár saoil. Caithfimid cinntiú go bhfuil cothrom na Féinne ar ár bpáirceanna agus staideanna spóirt ar gach bealach, le gaiscí na mban ag tarraingt an fhógraíocht agus an t-aitheantas céanna ó na meáin. Tá sé riachtanach freisin go bhfuil íocaíocht chothrom ann dár mná spóirt. Anuas air sin, caithfimid cinntiú go bhfuil ár bhfir spóirt mar eiseamláirí maithe dár ndaoine óga atá go hiomlán i dteideal an téarma sin, ina gcuid iompar ar an bpáirc agus ina saol laethúil. 
Tá sé ríthábhachtach go mbeadh ionadaíocht chuí mar is ceart ar mhná i ndomhan saibhir na n-ealaíon agus an chultúir, caithfidh an laofacht inscne in ealaíona na hÉireann a chur go daingean sa stair. 

Inniu, bhí sé beartaithe ag Saidhbhín agus agam féin eagraíochtaí lárnacha ó gach réimse den tsochaí a bhailiú le chéile ag Áras an Uachtaráin, lena n-iarrachtaí mar dhaoine aonair agus mar chuid d’eagraíochtaí móra a mheas i dtaca le comhionannas inscne a neartú, agus caidreamh atá lán den dlúthpháirtíocht, chomhionann agus meas a chruthú idir fir agus mná. 

Cé go raibh orainn an t-imeacht seo a chur ar ceal de bharr ár dtástálacha dearfacha COVID-19, táimid ag tnúth go mór leis an imeacht atheagraithe a bheidh ar siúl ar an 23 Márta, agus an deis le tuilleadh plé a dhéanamh ar na saincheisteanna seo agus na gníomhartha atá ag teastáil leis seo a thabhairt chun críche. 

Míle buíochas daoibh uilig as bhur n-iarrachtaí go dtí seo agus gach rath oraibh don todhchaí.

Tuigim go daingean i mo chroí go bhfuil sé d’acmhainn againn ar fad an obair ríthábhachtach a chur i gcrích agus caidreamh níos folláine a ghaibhniú idir fir agus mná, mar aon le cultúr agus sochaí a mhúnlú atá cóir, ionchuimsitheach agus ómósach do gach saoránach agus a n-éagsúlachtaí ar fad. Tapaímis an deis a thagann le Lá Idirnáisiúnta na mBan na bliana seo le machnamh agus le gealltanas a dhéanamh ar mhaithe leis an bhfís seo a fhíorú.