Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn – Terry Cunningham
Dáta: Céa 6th Ean, 2016 | 16:49
Dúirt an tUacharán Ó hUigínn inniu
“ Cuireadh trí chéile mé nuair a fuair mé scéala faoi bhás tobann Terry Cunningham, Cathaoirleach Choiste Rásaí na Gaillimhe. Bhí a phearsantacht chairdiúil agus a dhea-bhéasa i gcroílár rásaíocht na Gaillimhe.
Nuair a d'imigh sé ar scor óna ghnó rathúil féin, bhí sé thar a bheith flaithiúil lena am agus níor stop sé ag cur Rásaí na Gaillimhe chun cinn.
D’fhéach agus labhair gach duine a raibh baint acu ar aon bhealach leis an ócáid spóirt air le hómós agus cion i gcónaí.
Cásaíonn Sabina agus mé féin a bhás lena dhearthair Paul agus a theaghlach, a chairde agus a chomhghleacaithe.
Ar dheis Dé go raibh a anam dílis."