Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón UachtaránMichael D. Higgins – Lámhach i bPáras

Dáta: Lua 26th Ean, 2015 | 12:32

Tar éis dó cloisteáil faoi na heachtraí i bPáras inniu (7 Eanáir, 2015) dúirt an tUachtarán Michael D. Higgins:

“Tá an-bhrón orm a chloisteáil faoin lámhach i bPáras níos luaithe inniu. Ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh le clanna na marbhánach agus leo siúd go léir ar cuireadh as go mór dóibh, agus an bheirt phóilíní a maraíodh agus iad i mbun a gcuid dualgas san áireamh. Tá muintir na Fraince inár smaointe tar éis dóibh tragóid chomh huafásach agus chomh brúidiúil a fhulaingt chomh maith le caillteanas beatha neamhurchóidí dochosanta.

Táim tar éis scríobh chuig an Uachtarán François Hollande an tráthnóna seo chun comhbhá mhuintir na hÉireann a chur in iúl dó in am seo an ghátair. Táim tar éis tiomantas diongbháilte na hÉireann don tsaoirse smaointeoireachta agus don nochtadh tuairimí, a raibh iarracht á déanamh ag imeachtaí cruálacha an lae inniu an bonn a bhaint uathu, a chur in iúl don Uachtarán Hollande.”