Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Michael. D. Higgins – James Molyneaux

Dáta: Lua 9th Már, 2015 | 10:16

Tá an tUachtarán Michael D. Higgins tar éis a chomhbhrón a chur in iúl do chlann, do chairde agus do chomhghleacaithe polaitíochta James Molyneaux.

“ I rith a shaoil fhada, ba mhórphearsa é sa traidisiún Aontachtach, agus aireoidh daoine uathu é, ní hamháin a chomhghleacaithe ón traidisiún sin, ach iad siúd a raibh meas acu ar shaol a bhí dírithe ar an tseirbhís phoiblí agus ar shaol na polaitíochta.

Go raibh suaimhneas síoraí aige.” Dúirt an tUachtarán Higgins.