Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn - Istanbul

Dáta: Dom 1st Ean, 2017 | 14:04

"Táim tar éis mo chomhbhrón ó chroí agus dlúthpháirtíocht mhuintir na hÉireann a chur in iúl d’Ambasadóir na Tuirce tar éis a chloisteáil faoin ionsaí uafásach agus an marú saoránach, idir Thurcaigh agus dhaoine ó thíortha eile, agus iad ag ceiliúradh na hAthbhliana.


Mar Uachtarán na hÉireann, táim tar éis iarraidh ar an Ambasadóir mo chomhbhrón a chur in iúl do chlanna na n-íospartach agus dea-ghuí mhuintir na hÉireann dóibh siúd a gortaíodh agus súil againn go dtiocfaidh biseach orthu."