Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

RÁITEAS ÓN UACHTARÁN MICHAEL D. HIGGINS – ANDY LEE

Dáta: Mái 16th Nol, 2014 | 12:18

Ar a fhilleadh dó ó Chuairt Stáit chuig an tSín, d’eisigh an tUachtarán Michael D. Higgins an ráiteas seo a leanas le comhghairdeas a dhéanamh leis an dornálaí Andy Lee ar maidin:

“Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le Andy Lee tar éis dó Craobh an Domhain sa dornálaíocht meánmheáchain de chuid an WBO a bhaint amach an deireadh seachtaine seo sna Stáit Aontaithe. Is léiriú de neart a spioraid, de na huaireanta fada traenála a rinne sé, dá dhíograis agus dá thiomantas an taispeántas sármhaith a thug sé.

Ba mhaith liom, freisin, aitheantas a thabhairt dá chóitseálaí, dá chlann, dá chairde agus dá lucht leanúna a bhí chomh dílis sin nuair a chreid siad go raibh an scil agus an diongbháil ag Andy Lee le bheith ina churadh domhanda. Tá gach duine i Luimneach agus in Éirinn bródúil as an bhfear spóirt eiseamláireach seo.

Tá cuimhne thaitneamhach ag Sabina agus agam féin, agus ag gach duine san Áras, ar an gcuairt cheiliúrtha deiridh a thug sé ar ár dteaghlach. ” – 16/12/14