Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Michael D. Higgins faoina chruinniú le Rúnaí-Ginearálta na Náisiún Aontaithe, an tUasal Ban Ki-Moon

Dáta: Lua 25th Bea, 2015 | 16:15

Bhí comhrá fada ag an Uachtarán Michael D. Higgins agus Rúnaí-Ginearálta an NA ag am lóin inniu in Áras an Uachtaráin agus bhí raon leathan ceisteanna i gcúrsaí idirnáisiúnta faoi chaibidil acu.

Rinne an tUachtarán Higgins comhghairdeas leis an Rúnaí-Ginearálta as a chuid oibre go dáta, agus luaigh sé go háirithe an achainí a rinne an Rúnaí Ginearálta ar an bpobal idirnáisiúnta aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim eacnamaíochta dhomhanda i 2008. Luaigh sé, freisin, gach a raibh bainte amach ag an Uasal Ban i réimse na dí-armála, an rialú arm, an neamhleathadh arm núicléach, agus an chomhionannais inscne.   

Ghlac an Rúnaí-Ginearálta buíochas le muintir na hÉireann as freastal buan na hÉireann ar na Náisiúin Aontaithe, as an tsíochánaíocht agus as an 64,000 seal dualgais atá comhlíonta ag saighdiúirí na hÉireann ar mhisiúin éagsúla ó 1958 ar aghaidh.

Cuireadh béim ar thábhacht na bliana 2015 don NA agus dár bplainéad, agus tábhacht faoi leith ag baint le comhdháil de chuid an NA ar Mhaoiniú na Forbartha a bheidh ar siúl in Addis Ababa i mí Iúil, Cruinniú Mullaigh chun Glacadh leis an gClár Forbartha iar-2015 de chuid an NA in Nua-Eabhrac i mí Meán Fómhair, agus Cruinniú Mullaigh ar Athrú Aeráide i mí na Nollag i bPáras.

Leag an tUachtarán Higgins béim ar an onóir a tugadh d’Éirinn gur iarradh uirthi, mar aon leis na gCéinia, cuidiú leis an bplé ar na spriocanna a bhaineann leis an bhforbairt inbhuanaithe iar-2015 agus dúirt go raibh áthas ar Éirinn gur ceapadh an tUasal Mary Robinson ina hIonadaí de chuid Rúnaí-Ginearálta an NA ar an Athrú Aeráide.

Phléigh an tUachtarán Higgins agus an Rúnaí-Ginearálta roinnt ábhar imní práinneach, ina measc cineálacha nua caismirte domhanda, sreabhadh caipitil doghlactha, ocras, cothú agus athrú aeráide. D’ardaigh an tUachtarán athchóiriú an NA chomh maith, an ghéarchéim institiúide ar an leibhéal idirnáisiúnta, an gá le ról na taidhleoireachta a threisiú agus an gá le hathchóiriú institiúide a thabharfadh cumas níos mó do na Náisiúin Aontaithe gníomhú ar fhadhbanna agus ar eachtraí domhanda.

D’aontaigh an tUachtarán Higgins agus an tUasal Ban go raibh an bhliain 2015 ar cheann de na blianta ba chriticiúla do na Náisiúin Aontaithe ó bunaíodh é agus nár cheart ligean do na cruinnithe móra atá le reáchtáil i mbliana cliseadh, mar gurb iad a chinnfidh ar deireadh an bhfuil an pobal domhanda in acmhainn freagairt d’fhadhbanna domhanda nó nach bhfuil.

Chuir an tUachtarán Higgins béim ar a dhearcadh nach mór do na cruinnithe sin níos mó ná “téacs idir lúibíní” a sholáthar maidir le fadhbanna a fhágtar gan réiteach agus go gcaithfidh siad comhaontuithe láidre sonraithe a chur ar fáil  ar na príomhcheisteanna atá ag cur isteach ar ár bplainéad agus a dhaonra, a bheidh curtha in ord agus in eagar agus ar féidir monatóireacht a dhéanamh orthu.