Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar An Lá Idirnáisiúnta in aghaidh Homafóibe, Trasfhóibe agus Défhóibe

Dáta: Dom 17th Bea, 2020 | 11:14

“Inniu, ar an Lá Idirnáisiúnta in aghaidh Homafóibe, Trasfhóibe agus Défhóibe, tugtar cuireadh dúinn ár ndiongbháilteacht a athnuachan le dul i ngleic le foréigean agus gráin i dtreo daoine homaighnéasacha agus trasinscneacha go fóill.

Ar an lá speisialta seo, táimid ar fad in ann a bheith sa ghrúpa ollmhór daoine a thacaíonn agus a bhíonn i mbun feachtais, agus a dhéanann iarracht cearta daonna daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha a bhaint amach.

Ba cheart go mbeadh sé ina ábhar imní dúinn ar fad go bhfuil stiogma agus idirdhealú fós ann ar bhonn laethúil i dtreo go leor daoine LADTI+ in Éirinn. Rud eile atá ina ábhar imní is ea na tuairiscí nua a léiríonn go bhfuil roinnt tíortha san Eoraip ag titim taobh thiar ina dtiomantais don chomhionannas do dhaoine LADTI.

Tá tionchar freisin ag an ngéarchéim Covid-19 ar an bpobal LADTI+, ag cur leis an mothú aonraithe agus imeallaithe a bhraith go leor de bhaill an phobail sin cheana féin.

Tá tacaíocht léirithe ag muintir na hÉireann le blianta beaga anuas do chomhionannas LADTI+. Tá go leor struchtúir tacaíochta curtha i bhfeidhm, baineadh bacainní dlí de réir a chéile agus tá méadú suntasach tagtha ar fheasacht ar chearta LADTI+.

Mar Uachtarán na hÉireann, thug mé cuireadh dár saoránaigh tacú leis na tionscnaimh seo agus cur leo.

Ach, is féidir agus is gá tuilleadh a dhéanamh, má táimid chun Éire a bhaint amach ina bhfuil comhionannas ceart. Is é is poblacht cheart ann, poblacht nach bhfuil aon bhaol ann go náireofaí, go mbeadh duine leochaileach nó go ndéanfaí bagairt ar dhuine mar gheall ar a aitheantas.

Mar sin, is tiomantas athnuaite atá ar siúl inniu maidir le hoibriú le chéile i dtreo sochaí síochánta, cóir agus cuimsitheach a oireann dár saoránaigh ina n-éagsúlacht iontach ar fad.”