Ráiteas Ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn maidir le bás Ruth Morrissey
Dáta: Dom 19th Iúi, 2020 | 17:00
Beidh brón ar go leor daoine ar fud na hÉireann a chloisteáil faoi bhás Ruth Morrissey.
Tá oidhreacht fágtha ag misneach iontach Ruth Morrissey i bhfeachtas deacair don fhírinne agus don cheartas do mhuintir na hÉireann ar fad, agus dóibh siúd i mbun feachtais ar son cheart na mban don chúram sláinte go háirithe.
Seolaim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí chuig a fear céile Paul, a n-iníon, a teaghlach agus a cairde, agus dóibh siúd ar fad a roinn turas Ruth Morrissey.