Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás do Tony McMahon

Dáta: Sat 9th Dei, 2021 | 09:40

Is cúis mhór bhróin a bheidh ann do phobal an cheoil ar chloisteáil dóibh gur bhásaigh Tony McMahon, mórphearsa i measc ceoltóirí na tíre.

Thug Tony tallann an maestro leis agus ceol den uile chineál á sheinm aige, in ionaid agus láithreacha éagsúla. D’aireofá go raibh tú aistrithe go domhan eile nuair a chloisfeá Port na bPúcaí, mar shampla, á sheinm aige. Bhí sé go hiomlán ionraic ina thiomantas don cheol traidisiúnta agus don chairdeas lena chomhcheoltóirí.

Ar mo shon féin agus ar son Shaidhbhín, agus mar Uachtarán na hÉireann, déanaim comhbhrón ó chroí le clann agus le cairde Tony agus leis an bpobal leathan ceoil sa bhaile agus thar lear.  

Suaimhneas síoraí.