Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Thomáis Ó Dómhnaill
Dáta: hAo 9th Dei, 2020 | 19:50
Is le brón agus aiféal a bhfuarthas an nuacht gur bhásaigh Tomás Ó Dómhnaill inné sa bhaile i gContae Luimnigh. Bhí Tom ina ionadaí poiblí den scoth, a d’fhreastal ar a phobal mar Theachta Dála agus ball de Pharlaimint na hÉorpa ar feadh tríocha bliain. Léan sé leis ina sheirbhís poiblí ar bhonn deonach tar éis dó éirigh amach as a thaighde mar pholaiteoir.
Cuimhneófar air le mór mheas agus buíochas, ní amháin i gContae Luimnigh agus i gCuige Mumhan áiteanna ar toghadh é gan teip, ach i measc pobal na Gaeltachta chomh maith, ar a raibh Tomás freagrach agus é mar Aire na Gaeltachta i rialtas Liam Cosgrave. Thum sé é féin sa Ghaeilge agus ina chuid oibre mar aire agus d’éirigh leis aird agus achmhainní an Rialtais a dhíriú ar na Gaeltachtaí, a bhain tairbhe as a cheannaireach le feabhas suntasach ina bhuneagar agus fostaíocht.
Déanaim comhbhrón óm’ chroí lena bhean chéile Helen, a mhac Thomas, a chlann uilig, a chairde agus iar-chomhleacaithe.
Suaimhneas síoraí air.