Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn faoi bhás Sir David Amess

Dáta: Sat 16th Dei, 2021 | 11:00

“Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do chlann, cairde agus comhghleacaithe Parlaiminte Sir David Amess, a dúnmharaíodh agus é i mbun dualgas bunúsach polaiteora, ag bualadh lena thoghthóirí agus ag cuidiú leo lena gcuid fadhbanna a réiteach.  Beidh gach duine a bhfuil meas acu ar an bpolaitíocht ionadaíoch ag smaoineamh inniu freisin ar mhuintir Jo Cox, nach maireann, a tógadh uathu i mí an Mheithimh 2016. Tá a fhios agam gur ghoill an dá dhúnmharú go mór orthu siúd a bhíonn ag freastal ar mhuintir na Ríochta Aontaithe,  agus ar son mhuintir na hÉireann, déanaim comhbhrón ó chroí leo.”