Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Shéamus Mallon

Dáta: hAo 24th Ean, 2020 | 18:25

“Is cúis mhór bhróin dom gur bhásaigh Séamus Mallon, iar-LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann, iarchomhalta Sheanad Éireann, agus feachtasóir ar son chearta an duine ar feadh a shaoil. Bhí a cháil roimhe i measc na ndaoine sin a raibh sé de phribhléid acu aithne a bheith air, mar pholaiteoir agus mar ghníomhaí pobail misniúil nach raibh a shárú le fáil, mar dhuine dea-bhéasach agus cothrom.  

Is beag duine a raibh an oiread tionchair aige ar phróiseas na síochána i dTuaisceart Éireann agus a bhí ag Séamus Mallon, céile comhraic den scoth agus idirbheartaí crua ina chaint agus ina ghníomh, ach duine macánta agus ionraic i gcónaí. Fear a bhí ann a thaispeáin ionracas agus misneach in aghaidh an fhreasúra agus na bagartha agus bhí ról tábhachtach aige i mbunú phróiseas na síochána.  

Bhí sé lárnach i gcruthú dioscúrsa fhónta a d’fhógair féidearthacht nua i dtaca le cearta sibhialta ar an oileán roinnte seo.

Thug Séamus Mallon seirbhís le gradam in Westminster, in Stormont agus san Oireachtas mar Sheanadóir, agus d’fhág sé mar oidhreacht mharthanach an cumas a bhí ann caidreamh a bhunú mar thaca leis an tsíocháin agus leis an athmhuintearas ní hamháin sa Tuaisceart ach ar fud na hÉireann.  

Chonaic mé dom féin an dúthracht a bhí ann deireadh a chur leis na trioblóidí i dTuaisceart Éireann agus iad a léiriú go cothrom,  agus ba mhór an onóir dom Saoirse Dhroichead Átha a roinnt leis.  

Bhí umhlaíocht dhomhain ag baint leis maidir leis na rudaí beaga chomh maith leis na ceisteanna móra, agus bhí an t-ádh orm agus ar Shaidhbhín bualadh leis ar an iliomad ócáidí mar ar chuaigh a fhéith ghrinn agus a shuáilceas i gcion i gcónaí orainn. Tá bearna fágtha de bharr a bháis a bheidh deacair a líonadh.

Cuirimse agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá iníon Orla, dá gharchlann agus dóibh siúd go léir a raibh aithne agus cion acu air.

Suaimhneas síoraí dá anam.”