Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ar bhás Seamus Deane

Dáta: Déa 13th Bea, 2021 | 13:57

Is cailliúint dhomheasta é bás Seamus Deane do scríbhneoireacht chruthaitheach na hÉireann, agus don scríbhneoireacht Éireannach i gcoitinne. Ní hamháin go gcailltear criticeoir iomráiteach lena bhás, ach file mór le rá, úrscéalaí agus teagascóir ollscoile aitheanta fud fad na cruinne.  
 
Cuireadh ionchur Seamus Deane ar an scríbhneoireacht chruthaitheach agus chriticiúil ar fáil ní hamháin sa bhaile in Éirinn, ach i gcuid de na hollscoileanna is mó le rá i Stáit Aontaithe Mheiriceá, bíodh sin Berkeley, Notre Dame, Indiana nó Oregon. I gcás na n-ollscoileanna seo tharraing rannpháirtíocht Seamus Deane i seimineár faoi leith an-aird i measc scoláirí óga agus seana araon. Ní hamháin mar gheall ar fhairsinge an ábhair é seo, ach an nasc ar leith a dhéanfadh sé idir an saol agus an saothar.  

Fágann sé oidhreacht dhosháraithe ar Dhoire atá lán den saol, scríbhneoireacht, imní, éadóchas agus dóchas, a roinn sé lena muintir agus a raibh lear mór dá chuid oibre ag tagairt dóibh. 
 
Is beag cathair a bhfuil scríbhneoir aici atá níos neadaithe ina muintir, stair, dúshláin, dóchais agus greann.
 
Domsa, tá scáthánú le feiceáil idir caidreamh Seamus Deane le Doire, agus caidreamh Sheáin Uí Chathasaigh le Baile Átha Cliath, sa chaoi is go raibh taithí mhuintir na cathrach lonnaithe i gcroílár na scríbhneoireachta. Tá áit ann do chách. 
 
Bhí Seamus Deane mar chuid lárnach den athbheochan intleachtúil, as a dtáinig na saothair The Crane Bag, The Field Day Anthology of Irish Literature, agus nuálaíochtaí eile nach iad. Saothair iad seo a mbeidh cuimhne orthu mar eiseamláir ar a chomhoibriú lena gcomharsana scolártha, agus le daoine eile, a fheidhmíonn mar dheimhniú ar thábhacht agus ar fhuinneamh scríbhneoireacht na hÉireann. Nuair a rinneadh cáineadh réasúnta air de bharr easnamh ina chuid saothair, d’fhreagair sé le hionracas an chriticeora a bhí anois mar ainmní ag cáineadh bailí. Léiriú ab ea é seo ar an scoláire a bhí ann. 

Ba mhór an tallann a bhí ag Seamus Deane, agus tá eiseamláir a chuid oibre le feiceáil, creidimse, ina úrscéal breá ‘Reading in the Dark’.
 
Seachadadh an saothar ar bhealach ionraic freisin, a tharraing le chéile an focal, an áit, an stair, na saolta agus cumhacht an ghrinn chomhroinnte i ngníomh maireachtála.
 
Cuireadh seo go léir i láthair ar shlí iontach, mar shampla ina dhán ‘Derry’, a osclaíonn leis na línte seo a leanas: 
 
“The unemployment in our bones
Erupting on our hands in stones
 
The thought of violence a relief,
The act of violence a grief
Our bitterness and love
Hand in glove.”
 
Síocháin shíoraí dár scríbhneoir agus criticeoir cumasach, Seamus Deane. Déanann Saidhbhín agus mé féin comhbhrón ó chroí lena chlann, le muintir Dhoire agus lena ghrúpa mór carad agus iar-scoláirí, i bhfad agus i gcéin. 
 
Síocháin shíoraí dá anam lách.