Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás do Brendan Kennelly

Dáta: Dom 17th Dei, 2021 | 19:39

"Mar dhuine díobh siúd a raibh sé d’ádh mór orthu taitneamh a bhaint as bronntanas an chairdis le Brendan Kennelly ar feadh na mblianta fada, is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil go bhfuair sé bás.

Bhí dáimh ar leith ag muintir na hÉireann le Brendan Kennelly mar fhile. Bhain sé leas as an gcomhbhá, as an tuiscint agus as nochtadh áthas na dlúithe agus a chuid dánta á n-aithris aige i léirithe agus ag cruinnithe ar fud na hÉireann. Rinne sé amhlaidh lena mhealltacht ar leith, lena ghreann, lena chuid fuinnimh agus lena phaisean.

Agus iad saortha ó fhlosc chaidreamh an tsaoil, nochtadh áilleacht focail an ghnáthshaoil don lucht éisteachta; agus iad á slánú bhí an saol poiblí coiteann á cheiliúradh.

Tá filíocht Brendan lán le mionsonraí agus le huigeacht na beatha, a cuid neamhréitigh agus a tráthanna ceiliúrtha, lena n-áirítear taithí thráthúil na peile agus na polaitíochta.

Tá bailiúchán saothar ollmhór,  a chuimsíonn níos mó ná 30 cnuasach, fágtha le hoidhreacht aige óna thréimhse mar Ollamh leis an Nualitríocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; tá an iliomad filí óga spreagtha agus faoi chomaoin aige as an gcomhairle mhacánta, chriticiúil agus chabhrach a thug sé dóibh.

Sna drámaí agus sna dánta a ndeachaigh an domhan clasaiceach i ngleic leo, bhí sé mar aidhm ag Brendan saolta inmheánacha na bpearsana ón miotaseolaíocht agus ón stair a cheistiú agus a gcéasadh a cheangal le braistint an chaillteanais a mhair go dtí an chuimhne agus an taithí chomhaimseartha.  

Ba chumadóir bailéad a bhí ann a d’agair seancheird na bailéadaíochta agus a chuir léi lena bhuanna fileata ar leith. Ba rud a bhí in atógáil na bunchúise agus na streachailte sin a bhronn sé ar na cneámhairí chomh maith leis na laochra; ba chuma Cromail, Iúdás nó pearsana ón stair a bhí ann agus iad ag streachailt lena gcoinsias nó le hiarmhairtí a gcuid gníomhartha sa chuimhne shíoraí.

Phléigh Brendan Kennelly na príomhthéamaí go forleathan ach rinne sé   ceiliúradh freisin ar ghreann na diabhlaíochta sa chaidreamh collaí agus sa ghnéasúlacht le carachtair mar Maloney in ‘Up and At It’.

 

Ghlac sé leis an bhfreagracht a chonaic sé i saol an scríbhneora agus bhraith sé go rabhthas á iarraidh air an rud a bhí daonna agus uilíoch a roinnt. Bhí sé dílis don bhua, dar leis, a bronnadh air le súil is go ndéanfadh sé an beart dá réir agus é ag tarraingt as a thaithí iomlán, lena n-áiríodh Ciarraí, a phobal agus a scéalta.

“Bua a fuair mé gan choinne agus ar ghlac mé leis.”

Tá tairbhe nach beag le baint againn go léir as an nglacadh sin.

Nuair a fiafraíodh de nuair a bhain sé amach 80 bliain d’aois, ar ócáid in Amharclann na Mainistreach in 2016, cén chuimhne ar mhaith leis a bheith air, dúirt sé gur mhaith leis go gcuimhneodh daoine ar a chuid dánta agus go mbeidís ‘de ghlanmheabhair’ acu d’fhonn iad a roinnt.

Nach tráthúil, mar sin, gur bhain an oiread sin daoine leas as a dhán ‘Begin’ chun sólás agus comhbhá a fháil sna cuntais ar an saol le linn na paindéime le gairid.

Tá go leor inár measc a bhraitheann go bhfuil intleacht thuisceanach agus lonrach imithe uainn, ach mairfidh sí go buan i línte an dáin mar ba mhian leis.  

Déanaim féin agus Saidhbhín comhbhrón ó chroí lena deirfiúracha agus deartháireacha, a gharchlann iníonacha agus lena mhuintir, chomh maith lena chiorcal leathan cairde a raibh gean a gcroí acu air, cairdeas a raibh meas aige air.  

 

“I love you confidant, dear friend

 and always will, come what may.”

 

Suaimhneas síoraí dá anam lách uasal"