Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ar bhás Ronnie Fay, Uas

Dáta: Lua 31st Ean, 2022 | 11:40

Ba mhaith liom thar ceann Shaidhbhín agus mé féin, agus mar Uachtarán na hÉireann, mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh ar bhás Ronnie Fay, Comhstiúrthóir Pavee Point, duine de bhunaitheoirí an ionaid agus mar cheann feadhna na heagraíochta.

Le beagnach 40 bliain anuas, le Ronnie ag glacadh ról lárnach ann, tá Pavee Point i mbun feachtasaíochta ar son chearta Thaistealaithe agus Roma. D’oibrigh Ronnie go díograiseach le dálaí maireachtála, stádas agus rannpháirtíocht phobail Thaistealaithe agus Roma a ardú, mar aon le bheith ag troid gan stad gan staonadh ar son cearta sóisialta, dlúthpháirtíochta, forbartha, comhionannais agus cearta daonna.
 
Bhí saothar saoil Ronnie mar chlaíomh solais na habhcóideachta do chearta Thaistealaithe agus Roma. Tríd a gníomhaíochas, agus í tacaithe ag oibrithe agus ag ceannairí phobal Thaistealaithe fud fad na tíre, chuaigh a misneach agus a dúthracht go mór i bhfeidhm ar bhaill phobal An Lucht Siúil. D’fhág sí lorg suntasach ar an saol seo, agus aireofar go mór í.
 
Déanaim comhbhrón ó chroí le fear céile Ronnie, Philip, lena clann Johnathan, Veronica agus Patrick, lena dteaghlaigh agus a gcairde; le comhghleacaithe Ronnie in Pavee Point; agus le pobail Thaistealaithe agus Roma a n-aireoidh go mór uathu í.

Síocháin shíoraí dá hanam uasal lách croíúil.