Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Mary Maher

Dáta: Mái 30th Sam, 2021 | 16:01

"Beidh an iliomad daoine ann a gcuirfear an-bhrón orthu ar chloisteáil dóibh gur bhásaigh Mary Maher ar maidin. Feimineach agus ceardchumannaí, ba cheannródaí, eiseamláir agus inspioráid a bhí i Mary.
 
Léiríonn bás Mary Maher bás ceann de ghnéithe bunaithe na Gluaiseachta Cearta agus de Chearta na mBan go háirithe.  Ghabh a tábhacht mar ghníomhaí sa réimse poiblí le tiomantas proifisiúnta don iriseoireacht a sháraigh an oiread sin bacainní, rud ba shiocair leis na cúiseanna a raibh tionchar acu ar shaol na mban a chur chun cinn.
 
Ar feadh a saoil chuir Mary roimpi dul i ngleic le bacainní an eisiata.  Bhí sí ar an gcéad bhean a d'fhill ar an Irish Times tar éis a pósta (agus ag eascairt as sin cuireadh deireadh le cosc an phósta sa nuachtán), an chéad bhean a bhain leas as an tsaoire mháithreachais, an chéad eagarthóir ar leathanach na mban sa nuachtán, an chéad bhean a bhí i gceannas mar ionadaí ceardchumainn nuachtáin, agus an chéad bhall den NUJ a ceapadh ar an mBinse Achomhairc Fostaíochta.
 
Ina ról mar an gcéad eagarthóir ar chúrsaí ban san Irish Times, ghlac Mary an cúram a chinntiú go raibh ceisteanna na mban á gclúdach ag an nuachtán, ach chomh maith leis sin chinntigh sí nárbh iad na topaicí steiréitipiciúla sin arbh iad mianta na bhfear iad a chur faoi chúram na mban a bhí i gceist.  Chinntigh sí gur tugadh aghaidh ar an raon iomlán ceisteanna sóisialta, go háirithe iad sin a raibh tionchar tromchúiseach acu ar shaol na mban agus nach raibh sochaí na hÉireann ag tabhairt aghaidh orthu.
 
Chomh maith lena bheith ina tuairisceoir den scoth, ina heagarthóir agus ina scríbhneoir gné-alt, bhí Mary ina húdar agus ina drámadóir cumasach agus lean sí le haird a tharraingt ar na ceisteanna tromchúiseacha i sochaí na hÉireann tríd an obair sin. Is oidhreacht eile atá fágtha aici a tacaíocht ar feadh a saoil do ghluaiseacht na n-oibrithe agus a stocaireacht mar cheardchumannaí a raibh ardmheas uirthi ag a comhghleacaithe san NUJ. 
 
Ba phribhléid dom féin agus do Shaidhbhín a bheith inár gcairde ag Mary agus ba mhaith linn ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl d'iníonacha Mary, Nóra agus Maeve, dá deirfiúr Bonnie, dá deartháir Jerry, dá garchlann agus dá muintir agus dá cairde go léir."