Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus ó Shaidhbhín Uí Uigínn ar bhás Tom Hickey

Dáta: Sat 1st Bea, 2021 | 22:28

“Is cúis an-mhór bhróin dom féin agus do Shaidhbhín a chloisteáil gur bhásaigh Tom Hickey, duine de na haisteoirí ba chumasaí dá ghlúin, a chaith níos mó ná trí scór bliain i mbun a ghairme. Tá a lorg buan fágtha aige ar amharclannaíocht na hÉireann.

Agus é ag obair mar cheamaradóir in RTÉ, fuair Tom Hickey oiliúint in éindí le Deirdre O’Connell i Stiúideo Stanislavski, agus bhí sé ina chomhbhunaitheoir ar Focus Theatre nuálach Bhaile Átha Cliath, áit ar ghlac sé páirt i léirithe ceannródaíocha, lena n-áirítear Miss Julie, Antigone, Uncle Vanya agus The Night of the Iguana.

Bhí ionchur speisialta aige mar aisteoir i léirithe san Ionad Ealaíon Project i mBaile Átha Cliath, é ag obair i gcomhshaothair cheannródaíocha le stiúrthóirí agus drámadóirí lena n-áirítear Tom MacIntyre, Patrick Mason, Tom Murphy, Marina Carr agus Garry Hynes.

Chomh maith lena phríomhpháirteanna in amharclanna móra na hÉireann, cuimhneofar ar Tom, freisin, mar Benjy sa tsraith The Riordans agus mar gheall ar a róil eile ar an teilifís, in amharclanna sa Ríocht Aontaithe agus i gcuid mhaith scannán, ina measc Breakfast on PlutoInside I’m Dancing, The Butcher Boy le Neil Jordan agus Raining Stones.

I measc a chomhghleacaithe i bpobal na haisteoireachta, féachadh air mar ealaíontóir a bhí tiomanta go hiomlán don taibhiú, dá cheird agus dá phobal.

Aireofar go mór uainn é. Ba phribhléid é a bheith ina chara againn.”