Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas faoin gcearrbhachas agus spóirt

Dáta: Sat 10th Iúi, 2021 | 09:26

“Cuirim fáilte roimh an bhfíric go bhfuil tús curtha sa dioscúrsa poiblí leis an díospóireacht faoi fhógraíocht a bhaineann le cearrbhachas sa spórt. 

Níos luaithe an mhí seo, tar éis dom bualadh le daoine a sháraigh andúil de chineálacha éagsúla, labhair mé faoi chéasadh an chearrbhachais sa spórt agus faoi na fógraí cearrbhachais baolacha, a bhfuil an oiread sin díobhála á déanamh go leanúnach acu do theaghlaigh agus do dhaoine aonair.

Nuair a labhair mé i dTigh Glinne, thug mé le tuiscint nach féidir le duine ar bith glacadh leis go bhfuil na rabhaidh i gcló beag, ar cur i gcéill atá iontu, agus na cuirí do dhaoine a bheith ‘freagrach’ i gcomhréir ar aon tslí leis an damáiste is féidir a dhéanamh trí tharraingt na bhfógraí cearrbhachais spóirt.

Tá ceisteanna tromchúiseacha, cinn a bhfuil freagraí orthu tuillte ar mhaithe le leas an phobail gan amhras, faoin tslí ar tharla sé go bhfuil tírdhreach na meán plúchta ag fógraí gealltóireachta spóirt, nuair atá fianaise chomh soiléir sin ann ar an damáiste atá á dhéanamh agus ar cheart gur ábhar buartha a bheadh inti dúinn uile.”