Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar na pléascanna i mBéiriút

Dáta: Céa 5th Lún, 2020 | 09:00

"Ar son mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do mhuintir Bhéiriút.

Tá caidreamh fadbhunaithe idir Éire agus an Liobáin, lena n-áirítear trúpaí Éireannacha a bheith ar mhisin choimeádta síochána, agus caidreamh luachmhar le sráidbhailte agus le pobail sa Liobáin. 

Ar ócáid mo chuairte oifigiúla chuig an Liobáin i mí Dheireadh Fómhair seo caite, bhí mé sásta go raibh an deis agam an caidreamh sin a neartú. 

Tá muintir na Liobáine i gcroíthe mhuintir na hÉireann.

Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón in iúl dóibh siúd ar bhásaigh daoine muinteartha leo nó iad siúd ar chuir an tubaiste seo isteach orthu ar aon bhealach. "