Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar  bhás Tom Hardiman

Dáta: Dom 3rd Bea, 2020 | 23:05

“Is cúis bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Thomas Hardiman, iarArd-Stiúrthóir RTÉ agus comhalta Acadamh Ríoga na hÉireann.

Rinne sé maoirseacht ar fhorbairtí suntasacha in RTÉ agus thacaigh sé le bunú Raidió na Gaeltachta. Bhí ról lárnach aige i mbaint amach stádas ollscoile ag Institiúidí Náisúnta an Oideachais Teicneolaíochta.

Cuimhním go ceanúil ar na cruinnithe a bhí agam le Thomas Hardiman, ina measc plé i gcomhthéacs a chuid oibre ar neartú caidreamh na hÉireann leis an Áise, agus leis an tSeapáin go háirithe.

Tá oidhreacht fágtha ag Thomas Hardiman i réimse leathan de shaol poiblí na hÉireann.

Léirigh sé a cheannaireacht agus a fhís maidir le cuid mhaith d’earnálacha agus de mhórcheisteanna an lae, mar chathaoirleach ar an mBord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta, mar chathaoirleach ar Institiúd na hÉireann um Ghnóthaí Eorpacha sa Lováin, mar Uachtarán ar Chónaidhm Thionscail Éireann, ar Institiúid Margaíochta na hÉireann agus ar Chomhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath.

Déanaimse agus Saidhbhín comhbhrón ó chroí lena bhean chéile Rosaleen, lena gclann, lena ngarchlann agus lena muintir.”