Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas an Uachtaráin ar bhás an Phrionsa Pilib

Dáta: hAo 9th Aib, 2021 | 14:01

Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh a Mhórgacht Ríoga, an Prionsa Pilib, Diúc Dhún Éideann.  Thar ceann mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl don Bhanríon Éilis, dá clann, dá muintir agus do mhuintir na Ríochta Aontaithe.

Ar feadh níos mó ná trí scór bliain agus é ina fhear céile ag an mbanríon is faide i gcoróin sa Bhreatain, rinne an Prionsa Pilib seirbhís ar son mhuintir na Breataine le tiomantas gan teip agus le dílseacht dá dhualgas. Le linn a sheirbhíse fhada ba mhinic dó cuma na neamhfhoirmeáltachta a thabhairt d’ócáidí a bhí foirmeálta taobh amuigh de sin. Chuir a theacht i láthair agus a fhéith ghrinn uathúil daoine a bhuail leis ar a suaimhneas agus mheall sé chun caidrimh i gcónaí iad.

Thug an Prionsa Pilib a thacaíocht dhílis don Bhanríon Éilis II. Thionlaic sé an Bhanríon ar a cuairteanna chuig Thuaisceart Éireann go minic agus ar a Cuairt Stáit stairiúil ar Éirinn in 2011. Cuimhním le buíochas ar leith ar an bhfáilte mhór a chuir sé romham agus roimh Shaidhbhín in 2014, nuair a bhí an chéad Chuairt Stáit á tabhairt ag Ceann Stáit na hÉireann chuig an Ríocht Aontaithe in 2014. Tá súil agam go mbeidh na cuairteanna sin a roinn sé in 2011 agus 2014 ina gcomharthaí dá bhfuil á roinnt againn mar chomharsana i spiorad an chairdis, na síochána agus na todhchaí inbhuanaithe. 

Thug an Prionsa Pilib tacaíocht ghníomhach do roinnt mhaith carthanas agus do chúiseanna fiúntacha eile agus bhí sé fadbhreathnaitheach ina thacaíocht luath do chosaint an chomhshaoil. Ar an tslí chéanna dhírigh Gradaim Dhiúc Dhún Éideann aird na nglúnta agus na ndaoine ó chúlraí éagsúla go héifeachtach ar rannpháirtíocht na saoránach. Bhí mé fíorshásta nuair a bhí a scéim, Gradam Dhiúc Dhún Éideann agus ár nGaisce féin, Gradam an Uachtaráin, ábalta comhoibriú i roinnt agus i dtabhairt aitheantais do ghradaim i dTuaisceart Éireann agus in áiteanna eile.

Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.