Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán O hUigínn ar bhás Peter Sutherland

Dáta: Dom 7th Ean, 2018 | 10:43

“Is le brón a chuala mé faoi bhás Peter Sutherland, iar-Ard-Aighne, Coimisinéir Eorpach agus Stiúrthóir Ginearálta GATT/na hEagraíochta Domhanda Trádála.

Le blianta beaga anuas, go háirithe, dhírigh Peter Sutherland ar chuid de cheisteanna tábhachtacha domhanda na linne, agus tá oidhreacht thábhachtach fágtha aige trína chuid oibre mar Ionadaí Speisialta an Rúnaí Ghinearálta maidir leis an Imirce Idirnáisiúnta de chuid na NA, tar éis dó tábhacht na himirce a thabhairt chun tosaigh i gcúrsaí smaointeoireachta agus beartais sa phobal.  

Bhí sé i mbun feachtais gan staonadh i gcomhair réitigh dhomhanda ar gháinneáil ar dhaoine agus ar an imirce éigeantais, agus de réir a chéile ba ghlór paiseanta agus údarásach a bhí ann ar son chearta an 65 milliún duine arbh éigean dóibh teitheadh óna mbailte agus óna dtíortha dúchais.  

É sin go léir tar éis a raibh déanta aige ar feadh a shaoil sa saol poiblí sa bhaile agus thar lear.  

Eorpach paiseanta a bhí ann agus ar feadh a ghairmréime d’fhan sé tiomanta go láidir don chomhoibriú agus don chomhtháthú síochánta san Eoraip, agus chuir sé chun cinn feasacht níos mó ar an tábhacht agus ar na féidearthachtaí a bhain le caidreamh na hÉireann sa chinnteoireacht san Eoraip.  

Trí chlár Erasmus an AE a thionscnamh chuir sé le fás na soghluaisteachta agus le forbairt scileanna na mílte mac léinn Eorpach agus le cruthú an iliomad comhaontas comhoibrithe idir institiúidí acadúla ar fud an AE.  

Is iad a chlann agus a chairde is mó a aireoidh uathu é, agus mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dóibh.”