Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Jack Charlton

Dáta: Sat 11th Iúi, 2020 | 10:51

Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón ar bhás Jack Charlton a chur in iúl.
 
Tá an-bhrón orainne go léir a thug gean do Jack Charlton ar chloisteáil dúinn gur bhásaigh sé. Threoraigh sé Éire chuig cuid de na buaicphointí ba mhó i stair an spóirt in Éirinn.  
 
Cuimhneofar ar an gceannaireacht den scoth ar ghrúpa imreoirí de chumais éagsúla a léirigh sé agus an fhoireann rathúil a bhí i mbéal an phobail á múnlú aige.  Níorbh é an rath ar an bpáirc imeartha amháin a bhí i gceist ach ba é a phearsantacht chroíúil ba chúis le tóir an phobail air agus le hé a bheith ina mhórphearsa cáiliúil spóirt. 

Bhí an-dúil ag a mhuintir sa sacar agus bhí ceangail go leor aige le hÉirinn, áit a roghnaigh sé i gcomhair a chaithimh aimsire chiúin – an tslatiascaireacht.  

Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá chlann, dá chairde agus don lear mór dá luct tacaíochta in Éirinn.