Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn faoi bhás iar-Uachtarán na Gearmáine Roman Herzog
Dáta: Déa 12th Ean, 2017 | 14:32
“Táim tar éis scríobh chuig Uachtarán Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, Joachim Gauck, chun mo chomhbhrón a chur in iúl do mhuintir na Gearmáine ar bhás an iar-Uachtaráin, Roman Herzog.
Ar feadh a shaoil phoiblí, labhair Roman Herzog amach ar son an cheartais agus riail an dlí. Tá oidhreacht fágtha aige, ní hamháin mar a bhaineann sé leis an nGearmáin ach leis an Eoraip uile, trína chuid iarrachtaí lena chinntiú go dtabharfaí aird ar na ceachtanna atá le foghlaim ón tréimhse is dorcha i stair na Gearmáine, rud a chuireann leochaileacht agus luach an daonlathais agus an chuimsithe i gcuimhne dúinn.
Mar Uachtarán ar Phoblacht na Cónaidhme, aithníodh Roman Herzog go forleathan mar ghlór an choinsiasa agus mar cheannaire.
Ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá chlann agus do mhuintir na Gearmáine.
Ar dheis Dé go raibh a anam dílis".