Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas an Uachtaráin ar bhás Denis Donoghue

Dáta: Déa 8th Aib, 2021 | 09:07

“Ba chúis mhór bhróin a bhí ann do mhic léinn ar dhá thaobh an Atlantaigh a chloisteáil gur bhásaigh Denis Donoghue, Ollamh Ollscoile, scríbhneoir, léirmheastóir agus scoláire in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe.

Saineolaí ar litríocht na hÉireann agus Mheiriceá sa chiall is leithne a bhí ann agus bhí Denis Donoghue ar cheann de na húdair ba mhór le rá ar oidhreacht litríochta na hÉireann, Mheiriceá agus Shasana.  

Údar bisiúil a d’fhoilsigh beagnach dhá scór leabhar léirmheastóireacht litríochta agus léachtóir dáimhiúil a bhí ann. B’eachtraí astu féin a bhí ina chuid léachtaí mar gur bhain an oiread sin smaointeoireachta doimhne, tagartha agus machnaimh thar raon leathan leo. Labhraíodh mic léinn agus comhghleacaithe acadúla faoi “bheith i láthair” ag na ráigeanna intleachtúla éachtacha sin. 

Ina chuid oibre léirmheastóireachta, phléigh sé téamaí amhail an tsamhlaíocht, an cultúr agus cumas an scríbhneora taithí, idir fhíor agus shamhailteach, a athrú ó bhonn go focail a chorraíonn an léitheoir agus a bhfuil an cumhacht acu fírinní agus féidearthachtaí nua a chumadh lena n-úsáid agus a modh úsáide.  

Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá bhean chéile Melissa, dá chlann agus dá mhuintir agus dá chiorcal leathan cairde.”