Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás David Shaw-Smith

Dáta: Mái 19th Ean, 2021 | 20:51

“Beidh brón mór orthu siúd a bhfuil cuimhne acu ar théagar iontach na sraithe scannánaíochta ‘Hands’ agus orthu siúd go léir a bhfuil suim acu i gcultúr agus i stair na hÉireann ar chloisteáil dóibh gur bhásaigh David Shaw-Smith.
 
Mar náisiún, táimid go mór faoi chomaoin aige as a shaothar a rinne taifead ar thraidisiúin na n-ealaíon agus na gceirdeanna ar fud ár n-oileáin, agus iad buanaithe sa tsraith de 28 clár faisnéise dar teideal ‘Hands’.
 
Is iad a chlann is mó a aireoidh uathu a bhás agus cuirim mo chomhbhrón ó chroí in iúl dóibh, agus tá súil agam go mbainfidh siad sólás as an mórmheas atá air de bharr na hoidhreachta uathúla atá fágtha aige dúinn i dtaca le saol na hÉireann agus na scannánaíochta.”