Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán ÓhUigínn ar bhás do Donal Musgrave

Dáta: Lua 28th Nol, 2020 | 13:48

“Is le mórbhrón a chloisfidh, ní hamháin a chomhghleacaithe san Irish Examiner, ach an iliomad cairde sna meáin agus iad siúd go léir a raibh baint aige leo ina ghairmréim san iriseoireacht ar feadh 55 bliain agus os a chionn, gur bhásaigh an t-iriseoir, an scríbhneoir gné-alt agus an t-eagarthóir nuachta, Donal Musgrave.
 
Bhí raon leathan teideal ina shaothar a chuimsíonn stair na hiriseoireachta in Éirinn. 
 
Aithnítear é mar mheantóir do chuid mhaith daoine san iriseoireacht, agus cuimhneofar air as a chuid gairmiúlachta a raibh cineáltas agus cúram mór maidir leis na ceisteanna faoi chaibidil aige, ag baint leis.
 
Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá bhean chéile Shirley, dá gclann agus dá muintir agus dá chomhghleacaithe agus dá chairde.”