Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Brendan Halligan
Dáta: Dom 9th Lún, 2020 | 15:12
“Is cúis mhór bhróin a bheidh ann dóibh siúd go léir a bhfuil suim acu sa pholaitíocht, san eacnamaíocht agus sa cheart sóisialta, agus go háirithe dá chomhghleacaithe i bPáirtí an Lucht Oibre, nuair a chloisfidh siad an scéala gur bhásaigh Brendan Halligan.
Sular ceapadh é mar Rúnaí Ginearálta ar Pháirtí an Lucht Oibre, bhí taithí faighte ag Brendan Halligan i ngluaiseacht na gcomharchumann, agus chuir sé chun cinn leagan samhlaíoch den eacnamaíocht shóisialta i gcuideachta a dhlúthchara,Tony Brown, mar eacnamaithe i gComhlacht Siúcra Éireann.
Thug sé leis béim ar an mbeartas isteach i bPáirtí an Lucht Oibre, gné a mbeadh suim aige inti ar feadh a shaoil.
Bhí suim aige go luath, suim nár mhaolaigh riamh, i gcúrsaí Eorpacha, agus bunaíodh an Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha de bharr a thionscnaíochta.
Cuireadh tús lena ghairmréim pharlaiminteach i Seanad Éireann sna 1970idí, tréimhse a roinn mé leis mar chomhghleacaí. Ina dhiaidh sin, toghadh ina Theachta Dála é, ach b’fhéidir gur le linn dó a bheith ina bhall de Pharlaimint na hEorpa a tháinig rath ar a shuim i gcúrsaí Eorpacha. Bhí an-ómós air sa ghrúpa sóisialach de Pharlaimint na hEorpa agus mar ionadaí Pháirtí an Lucht Oibre sa Socialist International.
D’fhulaing sé a thinneas le misneach agus le foighne. Labhair mé leis an uair dheireanach tar éis m’aithisc ar fhíseán ar thodhchaí na hEorpa. Lean a shuim i bpolaitíocht na hEorpa go dtí an lá sin."