Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Alan McLoughlin
Dáta: Mái 4th Bea, 2021 | 19:25
“Is cinnte gur chuir scéala báis an iar-imreora idirnáisiúnta Alan McLoughlin brón ar lucht tacaíochta shacair na hÉireann, go háirithe iad siúd a lean an fhoireann le linn thréimhsí Charlton agus McCarthy.
Tagann a bhás ag aois óg tar éis cath fada le hailse.
Déanaimse féin agus Saidhbhín comhbhrón ó chroí lena chlann agus lena chairde, agus leo siúd a raibh aithne acu air mar imreoir contae agus tíre”