Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Cecil Maguire.

Dáta: Mái 12th Bea, 2020 | 22:39

“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Cecil Maguire, ealaíontóir  tírdhreacha cáiliúil, a raibh sé de phribhléid agam aithne a bheith air ar feadh na scórtha bliain.

Is maith is cuimhin liom teacht ar a shaothar den chéad uair i nDánlann Uí Chionnaith i gCathair na Gaillimhe, agus ba é a phictiúr péinteáilte “Clifden Fair, Winter” an chéad phíosa ealaíne a cheannaigh mé, as mo chéad tuarastal i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. Baineadh an-sásamh as an bpictiúr sin, agus d’éirigh mo chlann aníos ag féachaint air.  

Léirigh saothar Cecil Maguire, ola ar chlár, íomhánna de chósta iarthar na hÉireann ar bhealach iontach.  

Bhí cuid mhaith dá chuid oibre bunaithe ar chósta iarthar na hÉireann, go háirithe an stráice ó Bhaile Conaola go Cloch na Rón. Is é sin an chuid dá shaothar ar chuir mé spéis ann ar dtús, ach bhí a shaothar uile, d’aon chuid d’Éirinn, a cheantar dúchais ó thuaidh san áireamh, sainiúil san úsáid iontach a bhain sé as olaí agus íomhánna.  

Bhí pearsantacht álainn chairdiúil aige a mhothaigh mé go minic, an samhradh seo caite i gCloch na Rón san áireamh.  

Aireoidh a chlann, a chairde go léir, agus gach duine a raibh meas acu air uathu go mór é.”