Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar Phaindéim Covid-19

Dáta: Lua 30th Már, 2020 | 17:57

“Ba mhaith liom an deis a thapú chun buíochas a ghlacadh libh agus bhur ndlúthpháirtíocht agus bhur n-airdeall a thréaslú libh sa tseachtain ríthábhachtach seo nuair a iarrtar orainn bearta diana a ghlacadh chun scaipeadh an víris COVID-19 a chosc.

Tá difear á dhéanamh ag ár n-iarrachtaí go léir le chéile. Tá a fhios agam go maith nach bhfuil sé éasca, an rud a n-iarrtar orainn é a dhéanamh.

Tá iarrtha orainn ár bhfad a choimeád – ó dhaoine muintire, ó ghaolta, ó chomhghleacaithe oibre agus uathu siúd go léir a chastar orainn ar bhonn laethúil agus a chuireann brí lenár saol.  

Is tasc deacair é dúinn go léir. Tá go leor daoine ann a bhfuil sé an-chrua orthu nach féidir leo a bheith ar fáil dóibh siúd a dteastaíonn siad uathu, agus nach féidir leo brón ár gclanna, ár gcomharsana agus ár gcairde a roinnt leo le linn na tréimhse deacra seo.

Tá Saidhbhín agus mé féin ar an eolas go rímhaith faoin bpian agus faoin gcruatan atá ar chuid mhaith díbh agus ba mhaith linn ár gcomhbhrón ó chroí a dhéanamh leo siúd ar bhásaigh daoine muintire libh sna laethanta agus seachtainí beaga atá caite de bharr na paindéime.  

Baineann gach a bhfuil á dhéanamh againn anois le beatha a shábháil, moill a chur ar an víreas agus cúram a dhéanamh de na daoine is leochailí. Ba mhaith liom an deis seo a thapú arís, mar Uachtarán na hÉireann, le buíochas a ghlacadh leo siúd go léir atá ag leanúint ag obair chun ár bpobail a choimeád folláin agus slán.  

Tá an iliomad daoine inár seirbhís sláinte, in Óglaigh na hÉireann, sa Gharda Síochána, agus chomh maith leis i dtáirgeadh bia agus sa mhiondíol agus inár bhfóntais phoiblí, ag leanúint leo, lá i ndiaidh lae, ag soláthar na dtáirgí agus na seirbhísí a bhfuilimid ag brath anois orthu.  

Ar fud na hÉireann, tá an iliomad daoine ag obair gan staonadh agus go neamhleithleasach lena chinntiú go ndéanfar an cúram is fearr is féidir de  na daoine sin a bhfuil an coróinvíreas ag cur isteach orthu agus dár saoránaigh go léir agus ba mhaith liom ár mbuíochas roinnte a ghlacadh libhse go léir as an gcúnamh thar na bearta atá á thabhairt agaibh.  

Ag an tráth seo, nuair atá ár ngnáthshaol athraithe ó bhonn, agus a bhfuil an oiread sin rudaí a bhfuil cleachtadh againn orthu dodhéanta anois, tá ár ndúshlán á thabhairt. Agus in am seo an ghátair tá ár ndlúthpháirtíocht ríthábhachtach.

Ciallaíonn sé sin go gcaithimid spás a choimeád eadrainn. Ciallaíonn ár ndlúthpháirtíocht, freisin, tacaíocht a thabhairt dóibh siúd inár bpobail a bhfuil gá acu linn nó atá leochaileach.  Agus ciallaíonn sé freisin féachaint amach thar teorainn, agus bealaí a aimsiú le tacaíocht a thabhairt do na tíortha sin a bhfuil sé ag teacht deacair orthu déileáil le rudaí agus a bhfuil a seirbhísí cúram sláinte i mbaol a dtitime as a chéile.

Beidh toradh ar chuid mhaith dá bhfuil iarrtha orainn a dhéanamh sna seachtainí amach romhainn. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go bhfanfaimid dílis, foighneach agus airdeallach.

Beidh na laethanta romhainn deacair, orainn go léir, ach nach maith an chuimhne a bheidh ann nuair a bheidh an víreas caite agus a fhios againn go ndearnamar ár ndícheall. Ná déanaimis dearmad nach bhfuilimid ag taisteal tríd an dorchadas inár n-aonair, ach go bhfuilimid ar an turas seo lena chéile.  

Seasaimis an cúrsa agus cinnteoimid go sroichfimid ár gceann scríbe, lean chéile, gach aon duine dínn.

Beir beannacht.”