Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar dhiagnóis sláinte an Rí Séarlas

Dáta: Lua 5th Fea, 2024 | 21:00

Bhí an-bhrón ar Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, ar chloisteáil dó inniu faoi dhiagnóis sláinte an Rí Séarlas. Thar ceann mhuintir na hÉireann, guíonn an tUachtarán biseach luath ar an Rí Séarlas agus gach rath ar a Mhórgacht, ar an mBanríon Camilla agus ar a theaghlach ar fad.