Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Fáiltíonn an tUachtarán roimh an Uasal Tony Duffin, ó Thionscadal Druga Ana Liffey, ar chuairt chúirtéise.

Dáta: Céa 26th Bea, 2021 | 14:55

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh Phríomhfheidhmeannach Thionscadal Drugaí Ana Liffey, an tUasal Tony Duffin, chuig Áras an Uachtaráin inniu. 

Thapaigh an tUachtarán an deis, mar Phátrún ar Thionscadal Drugaí Ana Liffey, moladh a thabhairt don fhreagairt iontach ó na soláthróirí seirbhísí ar an líne thosaigh chun an bhagairt a bhí ann ó Covid-19 do dhaoine gan dídean agus do dhaoine i mbaol de bharr úsáid drugaí, a mhaolú.   

Níl amhras ar bith ach gur sábháladh go leor daoine ón mbás mar gheall ar an bhfreagairt chomhordaithe ar éirigh go maith leis ó ghrúpaí amhail Ana Liffey, iad ag obair i bpáirt leis an FSS, leis an nGarda Síochána, leis an rialtas áitiúil agus leis na ENRanna ábhartha. De bharr na freagartha sin agus na ceannaireachta a léiríodh, d’éirigh le hÉirinn níos fearr ná na cásanna is fearr maidir le rátaí ionfhabhtaithe Covid-19 agus níos fearr ná na rátaí báis. Fáiltítear roimh an rath go dtí seo ar chur i bhfeidhm an vacsaínithe i measc na ngrúpaí atá i mbaol chomh maith.

Le linn cruinniú fada agus obair an Tionscadail i ndiaidh Covid á hathbhreithniú, chuir an tUachtarán fáilte roimh na hathruithe  i soláthar na mbeart chun dochar a laghdú mar fhreagairt ar an mbagairt ó phaindéim Covid-19, agus thug sé le fios go raibh súil aige go bhféadfaí breathnú ar na bearta a glacadh mar fhreagra ar an bpaindéim mar scéimeanna píolótacha agus mar bhonn faoi sheirbhísí feabhsaithe ar bhonn uilechoiteann.