Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn tar éis comhrá gutháin leis an Uachtarán Van Der Bellen
Dáta: Mái 9th Már, 2021 | 17:07
Bhí comhrá gutháin fada ag an Uachtarán Ó hUigínn inniu, 9 Márta 2021, le hUachtarán Cónaidhme Phoblacht na hOstaire, H.E. Alexander Van Der Bellen, agus pléadh ceisteanna Eorpacha agus domhanda ann.
Le linn a gcomhrá, labhair an Uachtarán Ó hUigínn agus an tUachtarán Van Der Bellen faoi ghéarchéim Covid19, an freagairt uirthi, agus na bearta polasaithe a bheadh oiriúnach le dul i ngleic lena hiarmhairt.
I measc na dtopaicí eile a pléadh bhí; todhchaí an chaidrimh déthaobhaigh idir an Ostair agus Éirinn, an Breatimeacht, tosaíochtaí na hÉireann ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus an tábhacht a bhaineann le cur chuige iltaobhach i dtaca leis an athrú aeráide, éagothroime atá ag dul i méid, bochtaineacht agus imeallú.