Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ar thoradh na dToghchán Uachtaránachta sna Stáit Aontaithe

Dáta: Sat 7th Sam, 2020 | 17:03

"Inniu, táim tar éis mo bheannacht a chur in iúl don Uachtarán nuathofa, Joe Biden, agus gach rath á ghuí agam air agus ar mhuintir Mheiriceá dá théarma in oifig agus comhghairdeas á dhéanamh agam leis agus leis an Leas-Uachtarán nuathofa Kamala Harris as an éacht stairiúil atá déanta aici.

Tá cuimhní croíúla ag Saidhbhín agus agam féin agus ag foireann Áras an Uachtaráin ar an dá chuairt a thug Joe Biden orainn.

Tá ceangal dlúth agus láidir idir muintir na hÉireann agus muintir na Stát Aontaithe, agus táim ag súil le comhoibriú idir ár dá thír chun an t-iontaoibh atá fíor-riachtanach i modhanna agus in institiúidí na dlúthpháirtíochta agus an chomhoibrithe náisiúnta agus idirnáisiúnta a atógáil. 

Tá an dlúthpháirtíocht sin riachtanach más mian linn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin phráinneacha ár linne, lena n-áirítear ceisteanna éagsúla amhail an gá le dul i ngleic le cúis agus le hiarmhairtí phaindéim Covid-19, an t-athrú aeráide, an bhochtaineacht dhomhanda, an t-ocras, an imirce agus digitiú ár ngeilleagair, ceisteanna a bhfuil sé geallta ag an Uachtarán nuathofa díriú orthu.

Ar son mhuintir na hÉireann, guím gach rath ar an Uachtarán nuathofa Biden agus ar an Leas-Uachtarán Harris sna blianta amach romhainn."