Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ó Áras an Uachtaráin chuig daltaí a rinne scrúduithe na hArdteistiméireachta.

Dáta: Céa 1st Lún, 2012 | 15:35

Dúirt an tUachtarán Michael D Higgins inniu, “Ba mhaith liom na daltaí go léir a rinne scrúduithe na hArdteistiméireachta a mholadh. Is lá tábhachtach ina saol atá inniu ann. Tá gach dóchas agam go ndéanfaidh daoine óga forbairt ar a gcuid tallann go léir i mbealaí éagsúla.

Is é mo mhian nach gcaillfidh siad a muinín go brách maidir lenar féidir leo a bhaint amach go pearsanta agus i bpáirt le daoine eile agus an todhchaí á múnlú i gcomhar lena chéile acu.

Nuair a bhí an tionscnamh An Óige agus an tÉireannachas 2012 á eagrú, bhí dúil agam glórtha na hóige a chloisteáil agus iad a spreagadh chun cúram na n-athruithe atá riachtanach a ghlacadh. Cruthóidh daoine óga in Éirinn agus in áiteanna nach é domhan iomlán nua lena gcion tairbhe éagsúil agus tábhachtach.”