Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ó Áras an Uachtaráin – An Bille um Sheirbhísí Uisce 2014

Dáta: Céa 17th Nol, 2014 | 16:48

Chuir an tUachtarán Michael D. Higgins, tar éis dó machnamh cúramach a dhéanamh ar ghnéithe uile bunreachtúla an Bhille agus ar na roghanna ar fáil, a lámh leis an mBille um Sheirbhísí Uisce 2014 inniu.

I measc na n-aighneachtaí,  fuair an tUachtarán roinnt iarratas chun an Bille a chur faoi bhráid na ndaoine le cinneadh a dhéanamh faoi Airteagal 27 de Bhunreacht na hÉireann ach níl feidhm ag Airteagal 27 de Bhunreacht na hÉireann ach amháin sa chás go ritear Billí i dTithe an Oireachtais de bhua Airteagal 23 de Bhunreacht na hÉireann. Dá bhrí sin ní raibh feidhm ag Airteagal 27 de Bhunreacht na hÉireann sa chás seo.  Rinne an tUachtarán an Bille a bhreithniú agus Bunreacht na hÉireann,  Airteagal 26 san áireamh, agus na haighneachtaí a fuarthas curtha san áireamh aige.