Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ó Áras an Uachtaráin, ‘Bua Rory McIlroy’ – 20 Iúil 2014

Dáta: Dom 20th Iúi, 2014 | 12:56

Dúirt an tUachtarán Higgins tráthnóna, “Ba mhaith liom a bhua iontach i gCraobh Oscailte Gailf na Breataine inniu a thréaslú le Rory McIlroy. Tá gach duine ar an oileán seo tar éis sásamh a bhaint as féachaint ar an scorach spóirt iontach seo ag imirt ar an leibhéal is airde ar an ócáid mhór seo. Spreagfaidh a bhua inniu fir agus mná óga ar fud an oileáin chun páirt a ghlacadh i spórt agus chun tuiscint gur féidir rath a bheith orthu ar an leibhéal is airde i ngach spórt beagnach. ”