Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ó Áras an Uachtaráin – Bua Rory McIlroy – 11 Lúnasa 2014

Dáta: Lua 11th Lún, 2014 | 12:55

Dúirt an tUachtarán Higgins inniu, “Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar Rory McIlroy agus comhghairdeas a dhéanamh leis as a bhua iontach tráthnóna inné ag an 96ú Craobh Chumann na nGalfairí Gairmiúla in Louisville, Kentucky. Is éacht den scoth é, ar ábhar ceiliúrtha ag óg agus aosta é ar an oileán seo, an dara craobhchomórtas mór a bhuachan agus an chéad áit sa domhan a bhaint amach taobh istigh de roinnt seachtainí.

Tá daoine á spreagadh ag Rory, ní hamháin trasna oileán na hÉireann ach ar fud an domhain. Guím gach rath agus sásamh ar an bhfear óg sciliúil agus spreagúil spóirt seo sa todhchaí.”